AONACH BHEARNA NA GAOITHE Bhí diversion aerach ar an aonach, mórchuid aeir is aoibhnis Ceolta néata, spóirt is scléip, feoil á gléasadh chun bídh ann Bhí whiskey is ale ann, fíon Geneva, branda craorach bríomhar Plúr na déise, arán sinséar, is cáis as scales á ndíol ann. cúrfa: 'San rabhdaldam raindí, rabhdaldam raindí, rabhdaldam raindí réidí Rabhdaldam raindí, rabhdaldam raindí, is mallaithe an dream tincéirí. Bhí siúicre, síolta agus rísíní, mil na gcíor á taoscadh Mórchuid fíona, feoil sicíní, is ba shóil blas-chaoin an gravy Bhí ann feoil choiligh a bhí rómhilis, bhí ann feoil druide is naoscaigh Bhí salann is leek ar anraith laoigh, 's canna á dhíol ar réal ann. An bhó inlao ná beadh ró-aosta, bhí sí daor a dóthain Sé phunt sé, deich scilling is réal, 's ní bhfaighfeá an lao gan choróin ann Ar sheafaid aosta gheofá aon rud, bhí gamhna daor go leor ann Capall graí ba dheacair a dhíol, bhí an donas ar fad ar na ponies. Bhí seanmhná críonna laga gan bhrí ann, a dteanga líofa ag bardaíocht Plucaireacht chainte de dheasca an aighnis, a linbh á ndeighilt óna n-ardbhruíon Bhí bacaigh na dúiche, trick-o'-the-loop ann, dob' aibidh do liúigh lucht cártaí Bhí dathacha i nglúinibh sheanduine an ghúta, is é ag eascain ansúd le hardchroí. Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair, muca is caoire, ar asail do bhí ana-éileamh Ar bhó bhainne ghroí bhí seacht ngine buí, bhí ba seasca cuibheasach daor ann Ar chránta is slipí bhí cheithre phunt trí agus ana-chuid díobh go léir ann Ach ar na bainbh ní raibh ach neamhní, níorbh fhiú dhuit a ndíol in aon chor. fr the singing of Seosaimhín Ní Bheaglaoich: John O'Daly includes this song in his collection The Irish Language Miscellany, being a selection of poems by the Munster bards of the last century (1876). He says, "The Fair of Windgap, the subject of the above song, is held in a village distant about 4 miles from Clonmel, then in the County of Waterford. The author was Tomás Ó Móráin, or Tomás an Bhodhráin, so called from his propensities as an expert player on the tambourine, and on that account was present at every social and merry-making meeting in the county, principally May Boys, to which he was particularly attached. His account of the commodities sold at the fair is most humourous, far outdoing the famous Donnybrook of old, with all its devilries...."
|