Lyrics & Knowledge Personal Pages Record Shop Auction Links Radio & Media Kids Membership Help
The Mudcat Cafesj



User Name Thread Name Subject Posted
GUEST,DK Lyr Req: Maire Ni Ghriofa (21) Lyr Add: MÁIRE NÍ GHRÍOFA 02 May 07


The first version here is from 'Amhráin Mhuighe Seóla,' the other two are from 'Na Fonnadórí,' a
booklet and three tapes from Donegal.


MÁIRE NÍ GHRÍOFA

Ó! grádh mo chroidhe le m'anam thú seachas a bhfuil beo,
Mar is tú a shábháil m'anam dhom an lá úd a tháinig mór.
Bhí dhá chúrsa ceangailte agam agus barróg ar seól
A's nior sgar mé le ceann Galúna no go d-táinig mé 'steach 'san ród.

Oh! the love of my heart and my soul are you Beyond all that live, For it is you
that saved my life for me, On that day as the storm arose. I had two reefs tied, And a
tight grip on the sail, And I did not ease off Golum Head Till I entered upon the road.

Dá bhfeictheása bád chlainn Dhonnchada gach lá dá dtéigheadh sí chum seóil
Phlúcfadh sí an fharraige a's ní fhliuchfadh sí ceann seóil
Bhéadh tús ar 'chuile ghála aici dhá dtigeadh an lá mór
A's go ndíolfainn mo luichtín móna, a's mé ag comhrá le mo stór.

If you were to see Clann Donnach's boat, Each day it went to sea, (How) it would breast
the (strongest) wave, And never wet a sail, She would be in advance ot every gale, However
rough the day, And I would sell my load of turf, While talking with my love.

Mo ghrádh Máir' Ní Ghríobhtha, 'sí budh mhíne ná na mná,
Mar sí nár thug ariamh an gloine dhom acht an buidéal a's é a bheith lán.
Nuair a shílinn dul dá íoc léi ní dhéanadh sí dhiom acht greann,
A's ní sgarfaidh mo ghrádhsa choidche léi go dtí an oidhche thar éis mo báis.

Oh! Mary Griffin is my true love, More tender she than all,
For 'twas she who never gave me a glass,
But the bottle brimming o'er. When I'd think to pay her for't, 'Tis she would mock me fairly,
Oh! my love for her will never decay Till the night of death's passed o'er me.

Is iomdhá sin maidin Domhnaigh bhí mé súgach deas go leor,
Ag dul soir le mo luichtín móna a's dhá chúrsa ar an seól mór,
Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar bith dá ghála ná do cheo,
Nó go dtéigheadh mé á' caint le plúr na mban bhí romham 'san mbaile mór.

It's many's the Sunday morning I was jolly and light-hearted, Going down with my little load of
turf, With two reefs upon the sail. I never yielded to any shower, To a gale or to a fog,
Till I came to talk with the flower of maids, Who was before me in the town.

Nuair a imtheóchas mé ar an tir seo 's nuair a dibreochthar mé 'san báid
Nuair a caithfidh mé oídhche i Maoinis is dhá oídhche ar an Tráigh-Bháin
Siubhailfidh mé thart i Liberti is anonn faoi chunndae-an Chláir:
A's mara bpósaidh Mhair' ni Ghriobhtha mé, ni fhillfidh mé go bráth.

When I betake me from this shore, And am driven from the boat, When I spend a night at Mweenish,
And two nights at Trabane, I will walk across by the Libertíes, And over through County Clare, And if
Mary Griffin marries me not, I'll never return again.


The places referred to in tbe songs are nearly all in the neighbourhood
of Carna, Connemara, e.g. Meenish, Trabane, Ardmore, Golum Head. The "Liberties"
referred to are the Liberties of Galway, and "An Bhaile Mór" is Galway town.

8. Máire Ní Ghríofa

Ó is chaith mé an bhliain anuraidh leat mar bhí mé óg gan chiall
Do do mhealladh is do do bhréagadh is do do dhéanainh amach dhom féin
Bhí drochmheas agam ar do mhuintir is bhí an-chion a'm ort féin
Ach ní phósfaidh mé ina dhiaidh sin thú nó go bhfaighidh tú tuilleadh spré.

Ó is mo ghrása Máire Ní Ghríofa 'sí ba mhíne ná na mná
Sí nár thug ariamh an gloine duit ach an buideál 's é a bheith lán
Nuair a shíl mé dul chun íoc léi ní dhéanfadh sí liomsa ach greann
Ach ní scarfadh mo chroí go deo léi go dtí an geimhreadh tar éis a báis.

Ó is tá pian i mbéal mo chléibhe a chuirfeadh na céadta fear chun báis
'Gus tá mé cinnte dearfa nach bhfuil mo leigheas le fáil
Nach trua mé anois ag scarúint leat ar theacht don aimsir bhreá
Nuair atá an chuaichín óg ag seinm ceoil 'gus an duilliúr glas ag fás.

Ó 's nach iomaí maidin Domhnaigh bhí mé súgach deas go leor
Ag dul soir le mo luichtín móna is trí chúrsa i mo sheol mór
Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar bith, do ghála ná do cheo
Nó go dtéinnse ag caint le plúr na mban a bhí romham sa mbaile mór.

8. Máire Ní Ghríofa (arís)

Is nach iomaí maidin Domhnach a chaith mé súgach maith go leor
Ag dul soir le mo luichtín móna is dhá chúrsa i mo sheol mór
Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar bith dá dhúinte dá mbeadh d'cheo
Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban a bhíodh romham sa mbaile mór.

Is mo ghrá thú, a Mháire Ní Ghríofa, is tú an rí-bhean thar na mná
Níor ghéill mé ariamh an cnaigín ort nach líonfá dom an cáirt
Nuair a théim isteach go n-íocfainn thú ní dhéanfá díom ach greann
Is mo ghrá ní scarfad choíche leat an geimhreadh tar éis do bháis.

Is dá bhfeicfeá bád clann Dhonncha gach lá dá dtéadh sí chun seoil
Phlúchfadh sí an fharraige is ní fhliuchfadh sí ceann seoil
Bhíodh tús ar chuile rás aici nuair a thagadh an lá mór
Is nach ndíolfainn mo luichtín móna is mé ag comhrá le mo stór.

Is nuair a fhágfas mise an áit seo is nuair a fhágfas mé na báid
Caithfidh mé oíche i Maínis is dhá oíche sa Trá Bháin
Ar fhilliúint ar ais arís dom beidh mé oíche in Eanach Mheáin
Is mura bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.


Post to this Thread -

Back to the Main Forum Page

By clicking on the User Name, you will requery the forum for that user. You will see everything that he or she has posted with that Mudcat name.

By clicking on the Thread Name, you will be sent to the Forum on that thread as if you selected it from the main Mudcat Forum page.

By clicking on the Subject, you will also go to the thread as if you selected it from the original Forum page, but also go directly to that particular message.

By clicking on the Date (Posted), you will dig out every message posted that day.

Try it all, you will see.