Lyrics & Knowledge Personal Pages Record Shop Auction Links Radio & Media Kids Membership Help
The Mudcat Cafesj



User Name Thread Name Subject Posted
GUEST,DK Lyr Req: Na Fataí Bána (17) RE: Lyr Req: Na Fataí Bána 12 Feb 09


I would have posted this before, had I thought that anyone would want it complete.


1. Mo mhíle slán do na fataí bána,
Ba subhach an áit a bheith in aice leo,
Ba fáilí soineannta iad ag tíocht chun láithreach,
Agus iad ag gáirí linn ar cheann an bhoird.

2. Ba chabhair don bhanaltra iad, don fhear is don gharlach,
Don lag is don láidir, don óg is don chríon,
Ach fáth mo dhocharna is ábhar m'angair,
Gur lobh na preátaí gan sioc ná síon.

3. Céard a cheannós bráithlín don fhear a sinfear
Tobac ná píopaí ná cónra chláir
Ach Ard Rí Fhlaithúnais le cabhair is slí 'gainn
Agus ar ndóigh b'aoibhinn dhúinn dhá bhfaigheadh muid bás.

3. Is é mo dhíobháil dheachrach, is mo ghalra dubhchroioch,
Na fataí ag dúchan ins gach ceárd den domhan,
Na gais crion seargtha ón gcéad lá Lúnas',
Gan bláth ná snua orthu ach mar bheadh faoi Shamhain.

4. Nach é seo an scéal docharnach ag tíocht an Fhómhair,
An t-údar bróin dúinn agus briseadii croí,
An bheatha a chleachtamar i dtús ár n-óige,
Bheith lofa dreoite gan mhaith gan bhrí.

5. Ba iad ár gcaraid iad ó am ár gcliabháin,
Ach is é mo dhiobháil iad imeacht uainn,
Ba mhaith an cliuideacht iad is an t-údar rinnce,
Bhiodh spóirt is siamsa aqainn in aice leo.

6. Ba iad an bhanaltra iad a bhíodh ár mbréagadh,
In aimsir béilí de ló is d'oíche,
Faoi chaoi do leanbhaí ba cheann maith réitigh iad,
Go moch ag éirí dhóibh is ag dul a lui.

7. Mile bliain agus a hocht de chéadta,
Dhá fhichead gan bhréig is a sé ina cheann,
Ó thuirling an Slánaitheoir i gcolainn daonna,
Go dtáinig léanscrios ar fhataí an domhain.

8. Sin é an dáta is ní fáth gan ábhar,
A mbeidh cuimhne is trácht air i gcaitheamh an tsaoil,
Mar níor tháinig uireasa dhá mhéad a cháilíocht,
Is mó ??ntan is easba an bhídh.

9. Tá teach an ospidéil is an poorhouse líonta,
Agus coirp á síneadh ann go domhain i gcré,
Is gan ann de sholamar de ló nó d'oíche,
Ach praiseach bhuí acu dhá cheann an lae.

10. Is iomaí duine bocht de bharr an scéil seo,
Nach bhfuil thar béile aige go ceann den ló,
Gan buaile ar chnoc aige a thabharfadh braon dó,
Na seisreach gléasta le dhul chun fóid.

11. Gan ór gan airgead, gan creidiúint shaolta,
Gan tnúth le tréan againn ach amháin le Dia,
Ach muintir Shasana ag tabhairt páí lae dhúinn,
Dhá bhonn ar éigin gan deoch gan bia.

12. Is iomaí teach a bhfuil ochtar daoine ann,
Is gan fear le saothrú ach aon duine amháin,
Siúd pingin don duine acu, gan caint ar an tSaoire,
Agus lá na díleann níl faic le fáil.

14. Tá daoine uaisle i mbuaic an tsaoil seo,
Tá puins is fíon acu dá n-ól ar chlár,
Tá feoil dá halpadh acu go méirleach craosach,
Gan trua ná daonnacht do fhear an chaill.

15. Ach is baolach dhaofa go mbeidh dhá chaoineadh,
In Ifreann thíos ins na lasracha,
Mar atá Dívés ag fulaingt pianta,
An uair nár roinn sé le Lasarus.

16. Ní fhaca súile is ní chuala cluasa,
Ní bhfuair sibh tuairisc ar a leath ná a thrian,
Is olc an lóistín atá faoin ár dtuairim,
Más i ndán dúinn gluaiseacht go tine na bpian.

17. Clann Adhaimh is Éabha uilig is a bheith ina gcléirigh,
Agus a dhul le chéile dhóibh ar fad ag scriobh,
Piantaí Ifrinn ní chuirfeadh i gcéill dúinn,
Ach Rí na gCréachta go dtuga ár n-anam saor.

18. Nuair a bhí ár Sinsir i nGairdín Phárthais,
Bhí an bheatha ag fás dóibh ar bharr an chrainn,
Gan duais gan easonóir gan allas cnámha,
Ach riar a gcáis acu gach uair is gach am.

19. Gur labhair an tÁibhirseoir i mbéal na péiste,
Agus dúirt le Éabh dá mbaint' an t-úll,
Go mbeadh sí cumhachtach mar an Tríonóid Naofa,
Is nár bhaol an t-éag di ná an galra dubhach.

20. Do bhris sí an aithne úd thar toil an Ard-Rí,
Agus ceapadh bás dúinn, céad faraor géar!
Ach fáth mo dhocharna níorbh é ba chás dúinn,
Ach cailleadh ár státa ar Fhlaitheas Dé.

21. Gur ghlac an Slánaitheoir trua agus daonnacht,
Don chine daonna a bheith ag dul i léig,
Gur fhulaing Sé Bás agus Páis na hAoine,
Ag tabhairt fáil arís dúinn ar Fhlaitheas Dé.

22. Peaca marfa ní maith le déanamh,
Is d'achtaigh Críost dúinn gan cuimilt leo,
Mar tá tnúth agus fearg, saint is craos,
Drúis, díomas, leisc is gleo.

23. Té níos na peacaí seo is nach gcuireann suim iontu,
Gan an aithri a dhéanamh go dtéann sé thar am,
Sin é a thuarastal mar dhualgas saothair,
Bheith in Ifreann thíos ann i measc na ndeamhan.

24. Is iad ár bpeacaí a tharraing gach sciúirse orainn,
Agus a d'fhág faoi chluain sinn ag an Áibhirseoir,
Is iad ár bpeacaí a dhíbríonns uainne,
Na grástaí a fuair muid ón Slánaitheoir.

25. Is iad ár bpeacaí in am na Díleann,
A d'fhág na mílte ins an duibheagán,
Ní raibh san domhain ar fad ach ochtar daoine,
A fuair cluiche saor lena thíochtain slán.

26. Déanaidh bhúr n-aithri agus silidh bhúr ndeora,
Is bíodh muinín inhór agaibh as grásta Dé,
As lár na farraige thus sé Jonas,
Nuair a bhí sé ar lóistín i gcorp an éisc.

27. Thug sé Maoise agus a mhuintir slán leis,
Nuair a lean Fáró iad ins an Muir Rua,
Ní raibh long ná currach ann le dhul chun snámha acu,
Ach cumhacht an Ard-Rí dá dtabhairt chun cuain.

28. Thug Sé an triúr leis as an bhfoirnéis chraosach,
A fadaíodh síos lena ligean ann,
Thug Sé Lot agus a bheirt iníon saor leis,
Nuair a loisceadh síos Cathair Ghomorá.

29. Thóg Sé Lasarus a raibh clocha agus fóid air,
Is é marbh reoite ins an bhfuaralach,
Tog ár n-anamnacha a Rí na Glóire,
Is ná léig thar tórainn sinn le Lúisifear.

30. Má bhíonn tú i bpeaca mar bhí na loibhreacháin,
Tá seacht n-oibreacha le do dhéanamh slán,
Mar tá Baisteadh is Aithrí is Corp an Tiarna,
Ach iad siúd iarraidh gach am is call.

31. Dul faoi Láimh Easpaig, Ord, agus Pósadh,
Agus an Ola a thóraiocht in am ár n-éag,
An té a dhéanfadh sin, 's gan na hAitheanta a leonadh,
Bheadh sé mar lóchrann i bhFlaitheas Dé.

32. Dhein Tú an Phaidir, a Thiarna, is Tú ar Do ghlúine,
Agus cheap Tú dhúinne ár mbia gach lá,
Déan anois linn de réir mar dúrais,
Is ná léig le fuaidreamh sinn ná le fán.

33. Tabhair inniu dúinn ár n-arán laethúil,
Agus tabhair mar an gcéanna dúinn i gcaitheamh ár saoil,
Is nuair fhágfas an t-anam bocht an cholainn daonna,
Tabhair ar féasta sinn go Flaitheas naomh.


Post to this Thread -

Back to the Main Forum Page

By clicking on the User Name, you will requery the forum for that user. You will see everything that he or she has posted with that Mudcat name.

By clicking on the Thread Name, you will be sent to the Forum on that thread as if you selected it from the main Mudcat Forum page.

By clicking on the Subject, you will also go to the thread as if you selected it from the original Forum page, but also go directly to that particular message.

By clicking on the Date (Posted), you will dig out every message posted that day.

Try it all, you will see.