Ar Éirinn ní neosfainn cé hí
Aréir is mé ag téarnamh ar neoin Ar an dtaobh eile den teora ina mbím, Sea do thaobhnaigh an spéirbhean i mo chomair D'fhág taomanach breoite lag sinn. Le haonghean dá méin is dá cló Dá briathra is dá beol tanaí binn, Do léimeas faoi dhéin dul ina comhair 'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí Dá ngéillfeadh an spéirbhean do mo ghlór Is iad ráite mo bheoil a bhead fíor, Go deimhin duit, ná deánfainn do ghnó Do léirchur i gcóir 's i gcrích. Do léifinn léistair do mo stór Is ba mhéin liom í a phógadh ó mo chroí: Do bhéarfainn an chraobh di ina dóid 'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí 'A ghrá ghil, bí páirteach liom féin, 'S go háirthe, dá mb'fhéidir liom scríobh, Bheinn ag gáire le bánachnis na gcraobh Dá bhfaighinn áirithe ó aoinne´cé hí.' Níl a cairde róshásta liom féin Chun áras a dhéanamh ná tíos Ach ó tá sí, de réir ráithe do bhéil, Ní náir' duit a léamh dúinn cé hí.
Maybe this can help you.
All the best, Angun (line breaks added by a Joe clone, you need to put <*br*> (without the "*"s at the end of each line)
|