Lyrics & Knowledge Personal Pages Record Shop Auction Links Radio & Media Kids Membership Help
The Mudcat Cafesj



User Name Thread Name Subject Posted
GUEST,Donal Lyr Req: An Staicin Eornan / An Staicin Ornan (25) RE: Lyr Req: An Staicin Eornan / An Staicin Ornan 23 Jan 12


The lyric below is from a book and 2CDs 'Tidil Eidil Ero/Amhranaoicht Thraidisiunta don Aos Og' which was produced to teach school children traditional song. One CD contains songs from the children and the other with the same songs in longer form is from older people.

The words are near enough what Muireann Nic Amhlaoibh sings and the first two verses are much like those of Freeman's version but the last two are very different.

1. Tráthnóna beag déanach cois abhann go nglaonn siad Malabog,
Is mé ag smaoineamh cá bhfaighinn ainnir dheas ansúd ar mo thoil,
'Sea do casadh cailín óg orm is í go brónach atuirseach,
Bhí scáil na rós ina Ieacaibh lainn, is í ag síorghol.
D'fhiosraíos den spéirbhean cad é fáth a caithise,
Do fhreagair sí go séimh mé is a bréithre úd do chealg mé:
'Staicín eornan atá i mbaol 'leachta,
Is an dá dheamhan duine a gheobhainn a bhuailfeadh é ar mo thoil.'

2. 'Cad a thabharfá féin as an gcéad nó as an bhfichid
Don té a bhuailfeadh é go cluthair deas ansúd ar do thoil?'
'Thabharfainn coróin is ló dhó, a dhóthain mór le n-ithe,
Leaba mhaith chuín codlata 'gus ní hé an sop,
Céile mhaith thí agat más mian leat mise agat,
Ól agus imirt, a rúin, gan locht,
Crúscaí beoir le n-ól mar dhí agat,
Is dá mb'fhiú a thuilleadh thú ní bheinnse docht.'

3. Do chuas-sa lá ann is do' bharrmhaith an t-imeacht dom,
Mar do bhí agam an iomarca de rum is de dheoch,
Do bhí mairtfheoil ard agus arán do bhí fuinte i gceart
Ó lámh na bruinnille do bhí gan locht.
Ar maidean lá arna mháireach ba mhíshásta ná san a bhíos,
Mo shúiste a bhí briste 'gus m'iallach a bhí bog,
Is dá dtabharfainnse chúig phuint di ní bhrúfadh sí ribe dhom,
Mo chumha mór nár rinneas, is nár bhaineas é mo chor.

4. Mo mhallachtsa do bhéarfainnse don spéirbhean mhilis bhladartha,
Go mbeadh an fómhar ag leathadh uirthi ceal fir i ngort,
Is dá dtiocfadh mo rún chugamsa ar chuntaisí ná scarfainnse,
Go brách brách go leanfainn í ó Chalainn go dtí an port.
Is ní déarfainn so ná súd leat, a rúin, i dtigh an tábhairne,
Is ní déarfainn cuma liom leat dá ndiúgfá an bairille,
Do raghainn ar leaba chlúimh leat le haontoil na hEaglaise,
'S is mór mór nárbh fhearra é ná dradaireacht cois tor.


Post to this Thread -

Back to the Main Forum Page

By clicking on the User Name, you will requery the forum for that user. You will see everything that he or she has posted with that Mudcat name.

By clicking on the Thread Name, you will be sent to the Forum on that thread as if you selected it from the main Mudcat Forum page.

By clicking on the Subject, you will also go to the thread as if you selected it from the original Forum page, but also go directly to that particular message.

By clicking on the Date (Posted), you will dig out every message posted that day.

Try it all, you will see.