Is oth liom féinig bualadh an lé úd Do dhul ar Ghaeil bhochta is na céadta slad Mar tá na méirligh ag déanamh game dinn á rá nach aon ní leo pike nó sleá Níor tháinig ár major i dtús an lae chugainn Is ní rabhamar féin ann i gcóir ná i gceart Ach mar sheolfaí aoireacht bó gan aoire Ar thaoth na gréine de Shliabh na mBan Mo léan léir ar an dream gan éifeacht Nár fhan le héirim is d'oíche stad Go mhéadh dúiche Déiseach is Iarthar éireann Ag triall le chéile ón tír aneas Bhéadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana Bhéadh cúnamh Dé linn is an saol ar fad Is ní dhíolfadh meirleach darbh ainm Néill sinn Is bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan Is tá an Francach faobhrach is an loingeas gléasta Le cranna géara acu ar muir le seal 'Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar éirinn Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís 'na gceart Dá mba dhóigh liom féineach go mb'fhíor an scéal úd Bheadh mo chroí chomh héadrom le lon an sceach Go mbeadh cloí ar mheirligh, is an adharc á séideadh Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan The lyrics in Irish are about the slaughter of Irish Volunteers on the slopes of this mountain during the 1798 Rising.
|