MO GHILLE MEAR
Bimse buan a buairt gach lo
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeor
Mar Scaoileadh uainn an buachaill beo
's na riomhthar tuairisc uaidh, mo bhron!.
CURFA: Is e mo laoch mo ghille mear
Is e no Sheasar, gille mear
Ni bhfuareas fein aon tsuan ar sean
O chuaigh i gcein mo ghille mear
Ni haoibhinn cuach ba suairc ar neoin
Taid fiorchoin uaisle ar uatha spoirt
Taid saoithe 's suadha i mbuairt 's i mbron
O scaoileadh uainn an buachaill beo. CURFA
Nior eirigh Phoebus fein ar coir
Ar chaomhvhneas re ta daolbhrat bhroin
Ta saobha ar speir is speirling mhor
Chun sleibhe i gcein mar d'eala an leon. CURFA
Nil seis go suairc ar chruachruit cheoil
Ta 'n eigse ingruaim gan uaim 'na mbeol
Taid beithe buan ar buairt gach lo
O thearnaigh uainn an buachaill beo. CURFA
Marcach uasal uaibhreach og
Gas gan ghruaim is suairce sno
Glac is luaimneach luath i ngleo
Ag teascadh an tsluaigh 'stuargain treon. CURFA
Is glac a suil mhear mhuirneach mhoil
Mar leagadh an druchta ar chuimhais an rois
Ta Mars 's Cupid dluth i gcomhar
i bpearsain uir i nguis mo stoir. CURFA
Is cas a chul 's is cursach coir
Is dlaitheach dluth 's is bucladh borr
Is feachach fionn ar lonradh an oir
O bhaitheas ur go com mo stoir. CURFA
Is cosmhail e le hAongus og
Le Lughaidh mac Cein na mbeimeann mor
Le Cu Raoi armhac Daidre an oir
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil. CURFA
Le Conall Cearnach bhearnadh poirt
Le Fearghus fiuntach fionn mac Roigh
Le Conchubhar, caidmhac Nais an nos
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil. CURFA
Ni mhaifead fein ce he mo stor-
Ta insint sceil 'na dheidh go loer-
ach guim chun Aonmhic De na gcomhacht
Go dti mo laoch gan bhaoghal beo. CURFA
Ach seinntear stair ar chlairsigh cheoil
Is liontar taite cart ar bord
Li hintinn ard gan chaim gan cheo
Chun saoil is slainte d'fhail dom leon.