Brian O Domhnaill says he learned a standard school version of Róisín Dubh before he learned there was a local version in his native Donegal. 'Gus a Róise ná bíodh brón ort fár éirigh duit Tá na bráithre ag teacht thar sáile is iad triall thar muir Tiocfaidh do phárdún ón Phápa is ón Róimh anoir Is ní sparálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh. 'Gus a Róise mhín mhodhmhair 's na gciabhfholt dubh Tar ag triall chun mo thórraimh más áil leat é Beidh mo chonair-se tógáilte i lár an lae Is gurb í do phóg-sa Dé Domhnaigh a bhásaigh mé. Dá bhfeicfeá-sa Róise Dé Domhnaigh is í ag éirí amach Crios Phroinsias uirthi timpeall fá lár a coirp Tháinig an t-am uirthi ar shantaigh sí an t-ógfhear deas Is mura dtéigh bang uirthi millfidh sí an t-ord ar fad. 'Gus a Róise, dá mba liom thú nárbh aoibhinn duit Is deas a chealgfainn do leanbhán dá mbeadh sé ag goil Is in Albain dá gcasfaí sinn, inné nó inniu Scéal cinnte, a ghrá, go bpillfeadh muid araon gan guth. Nach aerach a théid sí chun aonaigh ina cóta cuilt Is gan aici maoin shaolta nó bólacht cnoc Ná an aon gine déag a bhí faoin a cófra glais Nach siúd an féirín lenar bhréagnaigh mé mo Róisín Dubh. Orú mhearaigh tú mé, a bhradaigh, is nár ba fearrde duit Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort 's chan inné nó inniu Orú d'fhág tú lag anbhann mé i ngré is i ncruth Ná feall orm gus mé i ngean ort , a Róisín Dubh. Is tá réalt ins na spéirthí in imeall an cheo Is cha raibh á leithéid i nGleann Éidhinigh 'gus ní bheidh go deo Gaoth na hÉirne go dtugfhas léim leí cé gur mhór an sruth Is mar gha gréine í ar mhalaidh shléibhe a bhí mo Róisín Dubh. Beidh an Éirne ina tuille tréana is réabfar na cnoic 'S beidh an fharraige ina tonnaí dearga is doirtfear fuil Beidh gach gleann sléibhe ar fud Éirinn is na móinte ar crith Lá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh.
|