a love song composed by Seumas Ó Grianna (1889=1969) aka "Máire", a well-known writer from Rann na Feirste , Co Donegal, Ireland. TRÁTHNÓNA BEAG ARÉIR Séamas Ó Grianna ("Máire") Thíos i lár an ghleanna Tráthnóna beag aréir 'S an drúcht ina dheora geala Ina luí ar bharr an fhéir 'S ea casadh domsa an ainnir Ab aille cruth is pearsa 'S í a sheol mo stuaim chun seachráin Tráthnóna beag réir Agus a Rí nár lách ár n-ealaín, ' gabháil síos an gleann aréir Ag éalú fríd an chanach, agus ciúnas ins an spéir órú rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár goirid 'S a Rí na Glóire Gile, tabhair ar ais an oíche aréir Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh 'gus labhairt le stór mo chléibh Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint Cér mhiste liom fán saol Shiúlfainn leat fríd chanach 's fríd mhéilte ar chiumhas na mara agus dúiched Dé dá gcaillfinn Go bpógfainnse do bhéal. Agus a Rí nár lách ár n-ealaín, ' gabháil síos an gleann aréir Ag éalú fríd an chanach, agus ciúnas ins an spéir órú rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár goirid 'S a Rí na Glóire Gile, tabhair ar ais an oíche aréir translation to follow shortly
|