Ar meisce cha dtéim níos mó Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé Ó chaill mé mo chailín beag óg A chuireadh i mo phócaí an t-airgead Curfá: Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly/Máilí na gcuach Ní Chuilleanáin Déanfaidh mé tigh ar an ard Is beidh ceithre ba bainne breaca agam Ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair Go dtiocfadh Moll óg Ní Chuilleanáin (Curfá) Dá mbeinnse i ndeacair an bháis Is na daoine a rá nach dtiocfainn as Ní dhéanfainn mo thiomna go brách Go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin (Curfá) Bhí mise lá ar an choill Is tharla dom soilse bhrádóige Dhéanfadh sí marbhán beo Nó buachaill deas óg den tseanduine (Curfá) Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin
|