Sí beag is sí mór Ó imreas mór tháinig idir na ríona Mar fhíoch a d'fhás on dá chnoc sí Mar dúirt an tsí mhór go mb'fhearr í féin Faoi dhó, faoi dhó ná 'n tsí bheag. "Ní raibh tú ariamh chomh huasal linn I gcéim dar ordaíodh i dtuath nó (i) gcill Beir uaim do chaint, níl suairceas ann Is coinnigh do chos is do lámh uainn." "Choíche ní bhfaighfidh sibh bua ar chách Ar muir, ar tír na n'iomarbhá B'fhearr an chídh 'bheith 'déanamh síoth Ná fógairt cogaidh i láthair." Tráth chruinnigh na sluaite, bhí an bualadh teann Ar feadh na machaireacha 'nonn 's anall 'S ní raibh éinne ariamh dár ghluais ón mbinn Nár chaill a cheann san ar sin." Is é seo an cath do chráidh ár gcroí Na prionsaí sí ar gach taobh Tuatha Dé Danann ag teacht'na scaoith 'S nach íontach saolta an t-ár sin. Is ansin do cailleadh na ríthe sí Na mílte dhíobh ar gach taobh Ní raibh ach bruíon do scrios an Traoi Le méid an áir an lá sin. Pairlí, pairlí a chairde gaoil Sin chugaibh ár námhaid ó Charn Chlann Aoidh O Bhinn Eachlainn aníos na sluaite díobh Is bímis uile páirteach. Atá siad anois is ariamh dhá rá An cogadh is lú go milleann a lán Gur fearr an tsíoth is measa dlí Ná bialte is tíortha a bhánú. 'Sé an t-éad ar dtús do dhíbir slua 'S chuir na mílte i gcarcar crua Is fearr an chóir bheith buan go deo Ná bráithre a ghríosú a n-áireach line breaks added by mudelf ;-)
|