It's very short, but here it is!
Don oíche úd I mBeithil, beidh tagairt ag grian go brách
Don oíche úd I mBeithil go dtáinig an briathar slán
Tá gríosghrua ar spéarthaibh 's an talamh 'na clúdach bán;
Féach Íosagán sa chléibhín, 's an mhaighdean á dhiúl le grá.
Ar leacain lom an tsléibhe go nglacann na haoirí scáth
Nuair in oscailt ghil na spéire tá teachtaire Dé ar fáil
Céad glóire anois don Athair I bhFlaitheasaibh thuas go hard!
Is feasta fós ar talamh d'fhearaibh dea-mhéin siocháin!
ciarili