Bheadh Buachaillín Deas ag Síle fr the singing of Seosaimhín Ní Bheaglaoich, this song is popular in Corca Dhuibhne Bheadh Buachaillín Deas ag Síle dá bpósfadh sí mé mar fhear Mharóinn an breac ar an taoide is coinín ar an ndumhaigh chomh maith Ní iarrfainn léi capall ná caoire, airgead buí ná geal Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoi í, ná aon iníon rí dar mhair Tá máthair gan taise ag Síle, is ní bhraitheann sí a croí rómhaith Tá sparán mór fada aici líonta ag lorg talamh gan cíos le fear Chuma léi ard é nó íseal, ba chuma léi buí nó geal Ó ba chuma léi cam é nó díreach ach bheith aige caoire is ba Ní mar sin mar mheasann mo Shíle, b'fhearr léi mise ná míle fear Mar is meidhreach is ea sheinnfinn ar phíob di, is is greanta do rincfinn dreas Chuirfinnse i dtalamh na síolta, is bhainfinn arís thar n-ais Nuair a thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn ach ag reacaireacht grinn lem shearc Tá mo mhargadh socair le Síle, is ní bhrisfeadh Éire ar fad Gan spleáchas dá máthair ná muintir, rachaidh sí chun cinn gan stad Pósfam sa chathair an mhí seo is an sagart a dhíol go maith Is ní dóichí go bhfanfam sa tír seo, ach ag reachtaireacht síos amach
|