SAIGHDIÚIRÍN SINGIL another Corca Dhuibhne song from the singing of Seosaimhín Ní Bheaglaoich Saighdiúirín singil mé a briseadh as garda an rí, Níl fiú agam dhá phingin a thabharfainn ar cháirtín dí, Bhuailfinn an drum' is do sheinnfinn an chláiseach bhinn Is thíos i gCill Chainnigh is ea scaras le grá mo chroí. Siar chun an Daingin chuir m'athair mé ag iarraidh mná, Ar theacht dom abhaile do casadh an fia faoim bhráid, Thiteas dem chapall is briseadh dhá dtrian dem chnámha Is a Dhia mhór le m'anam, mar chailleas mo chiall le mná. Thíos i gCill Chainnigh tá an fhinnebhean álainn óg chiúin, tais, chailce is a leaca mar bhláth na rós, Tá fear agus fiche ag titim i ngrá lem stór Is nach mise an trua Mhuire má bhíonn sí ag an dtáilliúir romham. Is a tháilliúirín magaidh ní phósfainnse tú mar fhear, Ní mór ná go mb'fhearr liom an scafaire 'rómharfadh clais, D'éireodh ar maidin is a leathfadh an síol i gceart Is ná fanfadh cois dorais ag feadaíl is ag seoladh cearc. Ceannódsa capall ar maidin le cúnamh Dé Is iallaitín dearg a mhairfidh le saol na saol, Má chailltear mise i lúb coille nó i ngleanntán sléibhe Beidh cailíní an bhaile ag sileadh na súl im dhéidh.
|