Na Connerys A Choimín mhallaithe guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé ar an ngasra úd atá ceangailte go dlúth le do thaobh; Is iad a dhearbhaigh na leabhartha go humhal sa mbréag do chuir na Connerys thar farraigaibh go dtí na New South Wales. Té bhéadh ina sheasamh ann is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé mar do sheasaigh sí ón seacht ar maidin do dtí tar éis an naoi do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha ann dá dtabhairt sa mbréag. Mo ghreidhin an t-anam bocht nó tá sí damanta, más fíor don chléir. A Bhainríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, déan trócaire orainn araon is ar an mbanaltra atá sa bhaile go dúch inár ndiaidh. Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé leis na Connerys a thabhairt abhaile chugainn ó sna New South Wales. from the singing of Áine Ó Cheallaigh: Neosfaidh mise scéal díbh má sé bhur dtoil liom éisteacht Ag tagairt dos na séimh-fhir 'tá ag seoladh uainn ar fán Gur thógadh go béasach le scoil agus le léann iad Le clú le meas le héifeacht agus le haon-ghean dá gcái l Dá siúlfainn tír na hÉireann agus Sasana le chéile Albain, Van Diemen, An Éigipt 's an Spáinn Geallaimse gan bhréig díbh ní raghad ag insint éithigh Ná faighinn a neart ná a dtréineacht in aon bheirt driothár Na Conneries na sár-fhir is iad atá mé ag áireamh Cé go bhfuilid seal ar fán uainn in áras faoi bhrón 'Sí a gcisitin a bhíodh buacach go flaithiúil fáiltiúil fuaarmach Geal-chupardach geal-shubhailceach faoi mhór-chuid del bhfeoil Tógadh iad go buacach gan anacra gan chruatan Go súgach sultmhar subhailceach gan bhuaireamh gan ghá Bhí cabhair is cúnamh Dé acu, bhí buíochas óg 's aosta orthu 'S ba mhaith an ceart gan on locht bheith ar a méin ná ar a gcáil Dá gcasfaí bochta Dé ann nó traibhiléir bocht aonair Bhí a leaba agus a mbéile ann gach féile le fáil Ach anois beidh madraí go craosach ag sceamhail ó gach taobh díobh Tá cosc go dian ar éinne pé méid é a phráinn Bhíodh cider milis láidir á riar I dtigh na sár-fhear 'S an Eagalis gach féile acu ar station go hard Ach anois tá na séimh-fhir fé crosa fallsa an tsaoil seo Fé tharcaisne ag méirligh á n-éileamh gach lá A Dhia nach bocht an scéal é iad á gcur amach as Éirinn Ag grathain ghránna an Bhéarla nár ghéill do Mhac Dáith Is go bhfuil fhios ag gach éinne ná rabhadar ciontach riamh in aon nidh Ach ag seasamh dá gceart féineach is gan é acu le fáil Tá an bhaintreach go brónach is a díleachtaí le deorann Ó chuireadh na hóig-fhir thar a n-eolas chun fáin A ythugadh prátaí im is feoil dóibh is tine dhearg móna An fuacht go deimhin ba dhóigh liom nár bhaol dóibh a fháil Ar chualabhair a dhaoine an plean a cheap an dís úd Go raibh an scéal ag gabháil timpeall gur chríochnaíodar an gnó Gur bhailíodar na sála thar na geataí móra arda 'S amach ansan go brách leo gan spleáchas dá namhaid Chuadar go Portláirge ag iarraidh dul thar sáile Siúd nidh ná raibh I ndán dóíbh is níor ránga sé dhóíbh Mar bhí fear a mbraite láimh leo a thug timpeall orthu an garda 'S isteach arís gur sáitheadh iad in áras faoi bhrón Nuair a chuala na méirligh go raibh greim acu ar na séimh-fhir Go deimhin ba mhór an prae leo iad a thraochadh le cnáib Crocadh nó transporting amach ar fad thar bóchna I bhfad ó ghaol is ó chomfas gan fóirthint go brách Ar nós Iúdas gránna an chlampair 'chuir íosa Críost I dteannta In Ifreann na ndeamhann thíos go cantlach á dhódh Má thagann sé chun críche go bhfeicimid arís iad Is a bpardún scrite ón Rí acu á insint ar só Baileoimid ina dtimpeall gan spleáchas dos na peelers 'S beidh ár gcornán dí againn go haoibhinn á ól Beidh againn glór na píbe ceol spórt is aoibhneas Ó mhaidin go dtí an oíche 's ón oíche go dtí an lá Beidh na barraillí ar a bhfaobhar againn ag fáscadh lámha a chéile 'S a sláinte geal in Éirinn go dtaoscfaimid go brách.
|