Táimse im' chodhladh
[I am asleep/ agus (abbreviated as 'is') ná dúistear mé - and I won't be wakened -or- agus ná dúisigh mé - don't waken me]
Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom.
Táimse i m' chodhladh is ná dúisigh mé.
Sea dhearcas lem' thaobh an spéirbhean mhaisiúil.
Táimse i m' chodhladh is ná dúisigh mé.
Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas
A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith
'S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé.
Táimse i m' chodhladh is ná dúisigh mé.
Is mó buachaillín óg a thógadh go ceannasach,
Táimse i m' chodhladh is ná dúisigh mé.
Do cuireadh le foirmeart anonn thar farraige.
Táimse i m' chodhladh 'us ná dúisigh mé.
Go bheicfeadh an lá a mbeidh ár ar Shasanaigh
Ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar dúinn,
Gan mise a bheith ann mura dteannam an maide leo.
Táimse i m' chodhladh is ná dúisigh mé.
Is éirigí, a chlann, agus gabhaig bhur n-airm chugaibh,
Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé.
Is leagaigí sa tsrúil gach scrúille Sasanaigh,
Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé.
Mura mairfeadh ach triúir bíodh ciú ins gach bail' agaibh
Ó Charraig na Siúire go ciumhais an Daingin thiar
Ardaigí bhur lain, tugaig fogha faoina Sasanaigh,
Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé.
The tune is well known as a slow air (same title). The verses date to the 18th century and are in the 'Aisling' a dream or vision) tradition; Ireland is depicted as a beautiful woman seeking freedom from foreign oppression. Sources of text: verses 1& 2, "Jimmy Crowley's Irish Songbook", Cork, Ireland: Mercier, 1986 and Seán & Mánus Ó Baoill, "Ceolta Gael", Mercier, first ed. 1975; and verse 3, "Cuisle an Cheoil", an Roinn Oideachas [Dept of Education], Baile Atha Cliath (Dublin), 1976