The Mudcat Café TM
Thread #104210   Message #2132551
Posted By: Morganwg
24-Aug-07 - 04:29 AM
Thread Name: Lyr Req: Loch Lein
Subject: Lyr Add: BEAN AN FHIR RUA
Hello all.
Than you very much for your help... Tis very kind.
I've found this lyrics:

Bean an Fhir Rua

A bhruinneall gan smál, a bhfuil na dealraitheacha deasa i do ghrua
fán ógánach bhán atá cráite le fada i do dhiadh
ní cheilimse ar aon neach cín fáth a bhfuil ormsa gruaim,
in ainneoin bráithre is cléire is í grá mo chroí bean an fhir rua.

Ó rachaidh mé síos seal míosa nó coicís ar cuairt
is ní fhillfidh mé aníos go síntear mo chaolchorp san uaigh.
Óró, dochtúirí an tsaoil ní leigheasfadh siad mise ar an uaigh
ach an t-aon amharc amháin a fháil ó bhean an fhir rua.

Dá gcuirfí mé síos i bpríosún dubh dorcha crua
is na boltnaí ar mo chaolchorp is na mílte glas as sin suas,
oóró, d'éireoinn de ruacladh mar a d'éireodh an eala ón chuan
ach an aon phóg amháin a fháil ó bhean an fhir rua.

Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí
is nuair a ligimse mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí.
Chan iarrfainnse aon achainí ar Ard Rí na bhflaitheas anuas
acha an aon phóg amháin is í a fháil ó bhean an fhir rua.