The Mudcat Café TM
Thread #23696   Message #301181
Posted By: Seamus Kennedy
20-Sep-00 - 12:00 AM
Thread Name: Whistling Gypsy - prejudice?
Subject: Lyr Add: AN SPAILPÍN FÁNACH
Seo an Spailpín fánach ón sliabh anuas
Le coiscéim éadrom lúfar,
Ag ceiliúr 's ag ceol agus draíocht ina ghlór,
Agus mheall sé an ógbhean uasal.

Ah, dí dú, ah dí dú dah dé,
Ah, di du, ah di dé di
,

D'fhág sise teach a hathair féin,
D'fhág sise gaolta 's cáirde,
Thréig sise 'n fear a bhí luaite léi
Agus lean sí and Spailpín Fánach.

Ah, dí dú, ah dí dú dah dé,
Ah, di du, ah di dé di
,

Ghluais a hathair sa tóir 'na ndiadh
Trasna sléibhte is bánta,
Ag iarraidh tuairisc' fána níon
Is an Spailpín béalbhinn fánach.

Ah, dí dú, ah dí dú dah dé,
Ah, di du, ah di dé di
,

Tháinig sé 'r ball go dtí caisleán mór,
B'ann a fuair sé 'n lánúin; Is bhí togha gach bia agus rogha gach dí
Ag an níon 's ag an Spailpín fánach.

Ah, dí dú, ah dí dú dah dé,
Ah, di du, ah di dé di
,

"Ní spailpín é," a athair ar sí,
"Ach tiarna óg na háite;
Go dté mé i gcré ní scarfaidh mé
Leis an Spailpín béalbhinn fánach."

Ah, dí dú, ah dí dú dah dé,
Ah, di du, ah di dé di
,

Proinsias Ó Maonaigh, d'aistrigh.

As you can see, Áine, a direct translation of the popular Clancy Brothers version.

Le meas,
Séamus Ó Cinnéide