The Mudcat Café TM
Thread #26211   Message #313854
Posted By: Áine
06-Oct-00 - 08:38 PM
Thread Name: Lyr ADD: Bruach na Carraige Bainne
Subject: Lyr Add: BRUACH NA CARRAIGE BÁINE
BRUACH NA CARRAIGE BÁINE

Ó is thiar cois abhann gan bhréag gan dabht
Tá an ainnir chiúin tais mhánla
Gur gile a cam ná an eala ar an dtonn
Ó bhaitheas go bonn a bróige
'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí m'intinn brónach
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá geal domhsa

Ó b'fhearr liom féin ná Éire mhór
Ná saibhreas Rí na Spáinne
Go mbeinnse 'gus tusa i lúb na finne
I gcoillte i bhfad ónar gcairde
Ó mise is tusa bheith pósta a ghrá
Le haontoil athair is máthar
A mhaighdean óige is milse póg
'S tú grian na Carraige Báine

'S a stuaire an chinn chailce, más dual dom go mbeir agam
Beidh cóir ort a thaitneodh led' chairde
Idir shíoda is hata ó bhonn go baithis
Is gach ní sa chathair dá bhfheabhas
Beidh do bhólacht á gcasadh gach nóin chun baile
Is ceol binn ag beacha ar bhánta
Beidh ór ar do ghlacadh is cóiste dod' tharraingt
Go bruach na Carraige Báine