The Mudcat Café TM
Thread #150751   Message #3513667
Posted By: Mr Happy
10-May-13 - 04:44 AM
Thread Name: Lyr Req: Abha an tSuláin
Subject: RE: Lyr Req: Abha an tSuláin
Here ye go!

Lyrics below from this great song from Cork legend Eoin Ó Súilleabháin

A shuairc fhile chneasta de ghairm na hÉigse,
D'eascair den tréanfhuil i mBanba dháil.
Ó chúinne Pharnassus cé gur dheacair é éileamh,
Gur raideadar saor dhuitse aiste na mBárd.
Is suairce liom geallaim ná cantaireacht téada,
Gréasa dod shaothar nuair a ghlacaim im' láimh,
Faoi thuairim do theastais, is do tharrach chun téagair,
Ar mhaithimh do ghaolta is ar Abha an tSuláin.

Foinse na habhann ó measaim nach léir duit,
Seo agat gan bhréagnadh go beachtaithe óm' láimh,
A scaoileann do ghlaise ó Chuma na nÉag,
Agus tuille dá réir sin ó Chúm Uí Chluamháin.
Ó thuaidh leat gan casadh tré Mhullach na Ré,
Mar a ritheann sruth caol dubh go bun an chlocháin,
Is mar lua na dTrí bPearsain á dtarrac chun aondacht
Nuair a thagaid le chéile sin Abha an tSuláin.

Abha bhuí bheag an ghleanna go feargach fraochmhar,
A ritheann gan staonadh go Beannaibh na Trá,
Sruth Oileán a Mhadra is Carraig Chinnéide,
Is sruthaibh ina n-éamais ná gcuirfinn im' dhán,
Féach an Abha Gharbh lá clagair is sraonmhar
Ná heasaibh go gléigeal gan casadh ar a sáil,
'S gur thíos i mbun leacan a chailleann sí tréine,
Nuair a chaitheann sí géilleadh do Abha an tSuláin.

Is mín clochar glasrach fairsingeach féarmhar
Fearranaibh taobhaibh na n-abhann sa ráim,
Fá chrainn dhuille ghlasa gan feacadh gan féige,
Le meas ar a ghéagaibh go gcrapaid 'na mbarr,
Bíonn faoilinn ann, seabhaic, mionchreabhair 's naoscaigh.
Sionnaigh 's méith-phoic 's lachainn le fáil,
'S gach linn de go barra bíonn torrach le héiscibh,
Leathan-bhric mhéithe 'gus lathairt bhradán.




Is é Eoiní Mhaidhcí Ó Súilleabháin as Cúil Aodha a bheidh ar chlár na seachtaine seo. Casfaidh sé na hamhráin is ansa leis 'Cuisle mo Chroí', 'Na Táilliúirí', agus 'Abha an tSuláin'.

Cúil Aodha native Eoiní Mhaidhcí Ó Súilleabháin sings his favourite songs 'Cuisle mo Chroí', 'Na Táilliúirí', agus 'Abha an tSuláin'.

[Amhráin is Ansa Liom 2010, TG4.tv]-- Séasúr II -- 2010-2011

http://www.tg4.tv

The Amhráin is Ansa series which uncovers some of the mysteries of sean-nós singing by listening to the best singers from the living tradition as they talk about their art and sing some of their favourite songs.

Presented by Antaine Ó Faracháin, each of 20 programmes in the series introduces us to a prominent sean-nós singer who talks about the songs that have captured his/her imagination. Guests also reveal which other singers influence them and talk about their local heritage of song, how they source songs, and about how they decide which songs best suit their individual style.

The highlight of each half-hour programme is a performance by the singer of the favourite songs from his/her store.

Sraith thábhachtach ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile.
Is ealaín ar leith í an amhránaíocht sean-nóis agus dar le daoine áirithe ní féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige. Bíodh sin fíor nó a mhalairt, is cinnte go bhfuil tuiscintí agus léargas ar leith ar na hamhránaithe féin.

I ngach eagrán den clár sa tsraith seo, déanann amhránaí aitheanta sean-nóis dreas comhrá le Antaine Ó Faracháin (amhránaí agus saineolaí ar an sean-nós é féin) agus casann roinnt de na hamhráin is deise leo agus is fearr a thagann leis/léi. Tráchtann siad freisin ar an stíl is ansa leo agus ar foinse na n-amhrán atá acu.

Eoiní Mhaidhcí Ó Súilleabháin - Cuisle mo Chroí http://www.youtube.com/watch?v=7QuA32...

Eoiní Mhaidhcí Ó Súilleabháin - Na Táilliúirí



Listen here: http://www.youtube.com/watch?v=BMUQBQLZRbc & enjoy!!