The Mudcat Café TM
Thread #152384   Message #3563859
Posted By: GUEST
03-Oct-13 - 05:05 AM
Thread Name: Lyr Req: Badoirin Thir An Fhia
Subject: Lyr Add: BÁDÓIRÍN THÍR AN FHIA
From 'Croch Suas É': Micheál Ó Conghaile, CIC 1986.

BÁDÓIRÍN THÍR AN FHIA

Is tá pian i mbéal mo chléibhe orm, chuirfeadh na céadta fear chun báis,
Is tá mé cinnte dearfa nach bhfuil mo leigheas le fáil,
Mo bhádóirín a d'imigh uaim ar uair a dó nó trí,
Is mé ag súil ar ais abhaile leis chúns a mhairfidh mé beo arís.

Is é mo léan nár éag mé go hóg i dtús mo shaoil,
Is nár cuireadh cónra chláir orm is mé chur go domhain i gcill,
Sul a bhfaca mé dhá bhréagadh é ag bean eile le mo thaobh,
Is mise bheith do d'éileamh a Dhia Ghléigeal, nár bhocht an tsli.

Is comhairle dhibhse a chailíní, má thógann sibh uaim é,
Ná téigí ag ól le haon fhear óg, ná creidí' glór a mbéil,
Mar geallfaidh siad sibh a phósadh le comhrá a gcinn,
Ach éalóidh siad thar sáile uaibh 'nós bhádóirín Thír an Fhia.

Is thug mé grá do tháilliúirín, dar liom ba mhór a chóir,
Ach mo bhádóir an fear ba mheasa liom nach bhfeicfidh mé aris go deo,
Tá sé imithe anois uaim, is ní fhillfidh sé go deo,
Ach tá súil le Dia is le Muire 'gam go gcasfar liom é fós.