The Mudcat Café TM
Thread #4122 Message #3655374
Posted By: GUEST
30-Aug-14 - 07:42 PM
Thread Name: Origins: Ghost Riders in the Sky
Subject: RE: Lyr Req: Ghost Riders in the Sky
Nobody seems to have mentioned this version.
Thaistil crann-mharcach le bata bó faoi scamall is faoi ghaoth,
Is thóg sé sos ar iomaire le tamall ar a shlí.
Chonaic sé gan choinne súile dearga sealbháin bhó
Ag treabhadh tríd an doineann in airde thar an bhfód!
Curfá:
Dhipí agha é, dhipí agha ó,
Marcaigh thaibhsiúla sa spéir
A mbrandaí fós trí thine is a gcrúba féin mar chruach,
A n-anáil te, a n-adharca dubha ag taitneamh ar gach stuaic.
Go tapa tháinig uaigneas air ag stánadh ar an radharc,
Mar bhí marcaigh is na ba ag teacht, is chuala sé a ngáir!
Curfá:
A ngnúiseanna 'bhí tarraingthe faoi mhearbhall is faoi allas.
Bhí siad ar thóir an tréada go dian, ach d'éalaigh siad go pras;
Bhí orthu marcaíocht sa spéir ag díriú ar an mbua,
Ar chapaill ag seitreach tine is ag luathú faoi bhuairt!
Curfá:
Is iad ag dul thart, ghlaoigh duine acu a ainm ar an bhfear,
"Más mian leat Ifreann a sheachaint amuigh anseo faoin spéir,
A bhuachaill bhó, iompaigh do shaol, nó bí i dteannta linn,
Ag lorg thréad an diabhail, trí chuile háit sa chruinne!"
Curfá: