The Mudcat Café TM
Thread #150017   Message #3725093
Posted By: Noreen
20-Jul-15 - 04:56 PM
Thread Name: Lyr Req: Funny-sounding Gaelic phrase
Subject: Lyr Add: FUAIREAS-SA CUIREADH (S. Ó Cionfhaolaidh)
Fascinating! Glad it's found.

Fuaireas-sa cuireadh - Seamus Ó Cionfhaolaidh

lyrics


Fuaireas-sa cuireadh

Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a' bpósadh
Hacstaí micidí hicidí hum,
Is olc a chuaigh an cuireadh san dómhsa
Hacstaí hódaí micidí hicidí hum,
Dhódh mo stocaí 'gus ghoideadh mo bhróga
Hacstaí micidí hicidí hum,
Agus thit mo bhean in oighean na feola
Hacstaí hódaí micidí hicidí hum,

Ní bhfuaireas-sa scian ná forc chun a tógtha,
Ach scian do bhí briste 'gus forc a bhí leointe.
Liúigh sí 's bhéic sí, stracadh a clóca,
'S thug sí clabht' trasna an srón dom.

Dh'fhágas-sa thíos í go raibh sí dóite,
'S dheineas-sa féin mo mhéaranna a dhóigh léi.
Tháinig an gruagach uaibhreach cróga
'S thóg sé aníos í as coire na feola.

D'fhiartha sí dhíom an iníon dom an óigbhean,
Dúrtsa nárbh ea ach mo thríú beanphósta!
"Gaibh-se an bealach 's gabhad-sa an bóthar
'S pé 'cu againn a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige."

Chuas-sa an bealach is chuaigh seisean an bóthar
'S lean sí an gruagach ós aige a bhí an óige.
Do shuíos-sa ar bhloicín is ghoileas mo dhóthain,
Do shileas-sa deora go hard a' tráthnóna.

Feic Ní Riain, N. Stór Amhrán Ossian Publications, Londain; 1988