The Mudcat Café TM
Thread #23696   Message #3763110
Posted By: AmyLove
05-Jan-16 - 07:36 PM
Thread Name: Whistling Gypsy - prejudice?
Subject: Back to An Spailpín Fánach
I've found varying lyrics for An Spailpín Fánach. I'm going to post a couple of them here in case anyone finds them useful and/or has any comments regarding the variations. First, some other links to yet more variations (I'm sure there's a lot of overlap. I haven't examined all these lyrics closely.):


http://songsinirish.com/p/an-spailpin-fanach-lyrics.html

http://www.celticlyricscorner.net/dervish/spailpin.htm

http://www.musicanet.org/robokopp/eire/tanafrao.htm

https://www.youtube.com/watch?v=WzMpsFabk_c

https://www.youtube.com/watch?v=A_b1KDWWN_w

http://old.tg4.ie/en/programmes/archive/roisinchambers/spailpin.html

http://old.tg4.ie/en/programmes/archive/mairead-ni-fhlatharta/spailpin-fanach1.html

http://old.tg4.ie/en/programmes/archive/treasa-ni-mhiollain/an-spailpin-fanach.html

http://old.tg4.ie/en/programmes/archive/stiofan-o-cualain/corn-ui-riada-2010.html


And here are the two sets of lyrics I've chosen to post, with the links above the lyrics:


https://www.youtube.com/watch?v=Pl2gXHiBIzY

Is Spailpin aerach tréitheach mise
agus bígí soláthar mná dhom,
Mar a scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach
in éadan na dtaltaí bána,
Mar a scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach
in éadan na dtaltaí bána,
Mo lámha ar an gcéachta a'm i ndiaidh na gcapall
agus réapfainnse cnoic le fána.

Is an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise,
ó bhí mé súgach sásta,
Is an dara lá dár liostáil mise
ó bhí mé buartha cráite,
Ach an tríú lá dár liostáil mise,
thabharfainn cúig céad punt ar fhágáil,
Ach dtá dtugainn sin is ar oiread eile
ní raibh mo phas le fáil agam.

Is mo chúig chéad slán leat a dhúithe m'athar
Is go deo deo don oileán grámhar
'S Don scata fear óg atá 'mo dhiadh ag baile
Nár chlois orm in am an gháthair
Tá Bleá Cliath dóite is tóigfear Gaillimh
Beidh lasadh a'inne ar thinnte cnámha
Beidh fíon agus beoir ar bord ag m'athair
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach.

Agus bhí mise lá breá ar mhargadh Chill Channigh
Agus tháinig sé go trom ag básiteach
Is tharraing mé isteach is chuir mé cúl le balla
Agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta
Mar ghlaoidh isteach orm bean 'a leanna
Ag súil is go nólfainn ma phaighe
Is dheamhan deor dár glaoiadh as sin go maidin
Nach raibh síos in aghaidh an Spailpín Fánach.

Is bhí mise lá breá thíos I nGaillimh
Is bhí an abhainn ag góil le fána
Bhí an breac is an eascain is an beartín slat ann
Is chuile ní dhá bhréachtha
Is bhí mná óga ann go múinte tóigthe
Said a bhí tanaí tláith deas
Ach dheamhan bean óg dhá suidhfinnse leí
Nach gcuirfinn an dubh ar an mbán di.

Agus b'fhuide liomsa lá bhéinn i dteach gan charaid
Ná bliain mhór fhada is ráithe
Mar is buachaillín aerach súgach meanmnach
A bhréagfadh an bhruinneall mhánla
Is a dhá bhean déag a bhí ag éad is ag iomaí liom,
ag súil le tairfe mo láidhe,
B'é paidir na caillí nuair a théinn thar a' táirseach,
"Now behave yourself, a Spailpín Fánach."


http://www.musgrai.com/culthur/amhrain/amhrain12

Im spailpín fanach ' fágadh mise,
A' seasamh ar mo shláinte,
A' siúl a' drúchta go moch ar maidin
Is a' bailiú galair ráithe.
Ní ficfar corán im láimh chun bainte,
Súiste na feac beag rámhainne
Ach colours na Frainc' os cionn mo leapan
Agus píce 'gam chun sáite.

Go deo, deo 'rís, ní raghad go Caiseal,
A' díol ná a' réic mo shláinte,
Ná 'r mhargadh na saoire im shuí cois falla,
Im scaoinse ar leataoibh sráide,
Bodairí na tíre a' téacht ar a gcapaill,
Dhá fhiathraí ' bhfuilim haidhráltha,
Seo téanam chun siúil, tá 'n cúrsa fada,
Seo ar siúl an Spailpín Fánach.

Go Calainn nuair ' théim 's mo hook im ghlaic
'S me 'nsúd i dtosach geárrtha,
'S nuair ' théim go Dúrlas sé 'n liú ' bhíonn acu,
Seo chughainn an Spailpín Fánach!
Cruinneó' mé ciall agus triallfad abhaile
Agus cloífead seal lem mhaithrín
'S go brách aríst ní glaofar m' ainm
Sa tír seo im Spailpín Fánach.

Mo chúig céad slán chun dúthaí m' athar
Agus chun an oileáin ghrámhair,
Is chun buachaillí na Cúlach, os dóibh nár mhiste
In aimsir chasta na ngárd' ann;
Ach anois ó tháim im chadhain bhocht dealbh
I measc na ndúichí fáin seo,
'S é mo chumha thrí mo chroí go bhfuair mé 'n ghairm
' Bheith riamh im Spailpín Fánach.

'S i gCiarraí 'n ghrinn do gheofaí an ainnir,
Go mb'fhonn le fear suí láimh léi,
'na mbeadh lasadh thrí lítis 'na gnaoí mar eala
'S a cúl fionn fada fáinneach,
A gile-phíb 's a héadan greanta
Is a béilín deas mar shnáthaid
'S muar go mb' fheárr liom í na straoill ó Chalainn
Go mbeadh na céadta púnt le fáil léi.

Dá dtagadh an Francach anall thar caise
Is a champa daingean, láidir,
Agus Boc Ó Gráda chúinn abhaile
Agus Tadhg bocht fial Ó Dála',
Bheadh bearaicí 'n rí go leir dá leagadh
Agus Yeomen againn da gcárnadh,
Go mbeadh Sasanaigh go fann is Clanna Ghael go teann
Agus Éire ag an Spailpín Fánach.