The Mudcat Café TM
Thread #29950   Message #3767148
Posted By: GUEST
21-Jan-16 - 07:24 AM
Thread Name: Lyr/Chords Req: Dark Haired Jimmy Owen (Scartaglen
Subject: RE: Lyr/Chords Req: Dark Haired Jimmy Owen (Scartaglen
1. Mainnte satin Neilidh Shéarlais ort
A Shéimidh Eoghainin Duibh
Corsaincí Tharlaigh Éamoinn ort
A Shámidh Eoghainín Duibh
Bríste Phádraig Shéamais
'Gus geansaidh Hiúdaí Thaidhgín
Nár dheas a thiocfadh an t-éideadh sin
Do Shéimidh Eoghainín Duibh?

2. Mainnte báinín Shiúsaidh Phadabháin ort
Bheiste chnáibe Shéamais Chnagadáin ort
Léinidh Sheáin 'Ic tSiolgadáin
Sobhestar Mhánais Mhiolgadáin
Anuas go cnámh a' smiolgadáin
Ar Shéimidh Eoghainín Duibh.

3. Dá mbeifeá i lár an aonaigh 'gainn
Agus curca geal 'en tsíoda ort
Bheadh cailíní na tíre
I riocht a chéile 'chíoradh
Cé acu sin a shnaidhmfeadh leat
A Shéimidh Eoghainín Duibh.

4. Is trua nach rabh tú san ár againn
Sula dtáinig clann na Spáinne 'ugainn
Nó dá mbeifeá leis an Dálach
On Chorrshliabh go Cionn tSáile
Ní chascórtaí gq bráth sinn
A Shéimidh Eoghainin Duibh.

5. O bhíomar seal i n-éineacht
Sula ndeárnadh orainn léirscrios
Ach 'a b'é gur chaill na Gaedhil
O Chorcaigh go Loch Eirne
Ní bheadh aon rí ar Eirinn
Ach Shéimidh Eoghainin Duibh.