The Mudcat Café TM
Thread #159119   Message #3768442
Posted By: AmyLove
27-Jan-16 - 12:56 AM
Thread Name: Tune Req: Muirnín na Gruaige Báine
Subject: Tune Req: Muirnín na Gruaige Báine
I'm looking for a recording of the song Muirnín na Gruaige Báine.

Lyrics (found here):


Mo léan gan mé agus tú,
a mhaighdean óg gan chumha,
in oileánaibh dubha Loch Éirne;
nó faoi choillte dubha na slat
mar a ndéanaid na héanlaith nead,
agus fásach go barra géaga;
nó i ngleanntáinín cois cuain
mar a labhraíonn an chuach
'gus an fharraige ó thuaidh bheith taobh linn;
mise féin 's mo rún
gan codladh ann ná suan,
ach ag súgradh i gclúid a chéile.

Mo léan gan mé sa gcill
i bhfochair mo chairde gaoil,
nó i mullach cnoic ag déanamh árais,
sul fár tharla tú im líon
ag dúbailt cnead im chroí,
agus d'iompaigh tú mo dhlaoi mar airne;
cumann gearr ó mhnaoi,
ní mhaireann sé ach mí
mar shiolla den ghaoith Mhárta;
agus a stór, níor chóir mé a dhíol
mar gheall ar bheagán maoin'
'gus feasta liom bíodh t'intinn sásta.

Níor fhág mise baile cuain
ó Chorcaigh anuas
nó as sin go Cruach Phádraig,
thart ó dheas anuas
go Béal an Easa Rua
nár chaitheas ar mo chuairt ann ráithe;
mar shúil go bhfaighinn tuairisc
phéarla an chúil dualaigh
's í an ainnir rug bua thar mhná í;
is gur i dtórainn Chill Dá Lua
a scaras le mo ruan,
's í Muirnín na gruaige báine í.


And there look to be different lyrics for this song at duchas.ie:

first page

second page


Thanks so much for any help.