The Mudcat Café TM
Thread #61509 Message #3799046
Posted By: Felipa
04-Jul-16 - 07:30 PM
Thread Name: Lyr Req: Paddy Lynch's Boat
Subject: RE: Lyr Req: Paddy Lynch's Boat
from M & T Ó Maille, compilers Amhráin Chlainne Gael
CAIPTÍN BRUADAR
Is ar a loing seo, a Phaidí Uí Loingsigh, a bhímse ag déanamh bróin
Ag iosnáil ins an oíche agus ag síoghol sa ló
Ach anois ó dalladh m'intleacht
Agus mé i gcianta ó mo mhuintir
Dar m'fhirinn, is maith a coinfí mé i gCondae Mhaigh Eo
Agus dá maireadh mo sheanathair agam bheithinn maith go leor
Bheadh buidéal is gach láimh liom is mé i gcomhluadar ban óg
Meireadh sioról na gcártaí
Is an dlí a bheith roláidir
Ní i Santa Cruz a fágfaí mo chnámha faoin bhfód.
Is a chomrádaí na dísle, nach cloite lag atáim
Is ní mór go dtig liom insin dhá dtrian mo dhuilfin bróin
Ach ós tus is túiste a chifear
A mhaireann de mo ghaolta
Tabhair mo bheannacht scríofa go Condae Mhaigh Eo
Is tabhair litir uaim go hEirinn, is má théann tú go'n Aill Mhóir
Agus aithris do mo ghaolta go bhfuil mé faoi bhrón
Nuair a shíl mé a ghoil dá bhféachaint
Gur gafa bhí mé i ngeibheann
Is nach amhlaidh a gheall Mac Dé dhom a bheith i gcianta faoi bhrón
Tá scoil i mBaile Neamhach ag óigfhir is mnáibh
Is an té a mbeadh dúil sa spóirt aige ba chóir dhó a thriall ann
Tá togha 'chuile cheoil ann
Dá sheinm de réir nótaí
Agus Paidí ann dá dtreorú is dá bhfoghlaim gach lá.
Tá taobh na Ceathrún Caoile siamsúil go leor;
Tá coilligh is cearca fraoigh ann go síoraí ag seinm cheoil;
Tá sméartha ar bharra-craoibhe ann;
Tá úlla cumhartha buí ann
Tá géimneach bó 'gus lao ann, tíocht oíche Fhéil Muire Mór
Chaith mé seal mór blianta go fial fairsing cóír
Faoi mhórchíon ag mo thiarna, fhad's lig mé don ól
Ach amháin mur' gcastaí ag fiach mé
Ní rachaidh mé dhá bhfiafraí;
Ní thig liom goil go hIar-Umhaill; tá mo phianta romhór.
Tá punt is fiche amuigh agam i gCondae Mhaigh Eo
Is ní rachaidh mé dhá n-iarraidh choíchin ná go deo,
Faitíos go mbéarfaí thiar orm
's go ngabhfaí i ngeall le fiacha mé
Is go bhfáisfi botaí iarrainn ar bharriallacha mo bhróg.
Ba bhreag mo dhúil in imirt , ach ba mhór mo dhúil san ól -
Tráth chuimhním féin ar chuid acu 'sea ním an donas mór -
Bhí sé mná déag is fiche agam.
Sáitin, Úna is Siosailí.
Is níor dhóchaí an t-ádh bheith ar chuid acu ná lom an donais mhóir.
Is go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn hóir
Acaill go Cul Luachradh ag buachailleacht bó
Go ndéantar Iarla i gCliara
De Domhnall Bheag Mhac Riada,
Ní feidfíor mé go dtí sin i gCondaí Mhaigh Eo
An té a bhéas thoir Lá Fhéil' Bríde, is é a chífeas an spóirt
Ag comharsana go síodúil ag ól fiona 's beoir;
Beidh na deochanna dhá líónadh
Is na gloiníocha 'goil timpeall
'S an té nár gineadh i mbroinn, beidh cuimhne aige ar an ól.