The Mudcat Café TM
Thread #159372   Message #3839207
Posted By: AmyLove
15-Feb-17 - 10:03 PM
Thread Name: 'All the dear Spinning Eileens' (Irish harpists)
Subject: RE: 'All the dear Spinning Eileens' (Irish harpists)
I contacted Gael Linn, requesting the lyrics to the songs on Amhráin Ghrá, and Máire Harris kindly provided the ones she could find. She said it was fine to share them here on mudcat. keberoxu and others here have put so much time and effort into finding the majority of the lyrics on this album, but I figure I'll post all the lyrics Máire gave me. Included is the first verse to Mo Mhuirnín Bhán, which I couldn't find anywhere online.


An Draighneán Donn

Síleann céad fear gur leo féin mé nuair a ólaim leann,
'S téann dhá dtrian síos dhíom nuair a smaoiním ar do chomhrá liom
Sneachta séidte is é dhá shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn,
'S go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní ar an draighneán donn.

Spailpín a Rún

A spailpín a Rún Dé 'bheathas sa chugainn
Nó car bhainis an fór chomh luath seo
'S dá mbeadh fhios agamsa fhéim cá rabhais fea an lae
Ba ghairid liom do bhéal a phógadh
Ós a chailleach bhuí chrón níor mhiste liom do phóg
Is ní ghlaofainn céad bó mar spré leat
Is go mb'fhearr liomsa póg chailín deas óg
Ná a bhfuil agat ar bhord an tsléibh' amuigh

Ó is a spailpín 'sa stór fan socair go fóill
Nó go bhfaighfead sa mo chaidhp 's mo chlóca
Do bhróga breá leathair agus búclaí 'en fhaisean
Is go deimhin duit go mbuailfead an ród leat
Ó, do raghain leat go Caiseal is go Cluain Gaela Meala
Is go Carraig na Siúire thar m'eolas
Is go brách an fhaid a mhairfead ní thriallfad abhaile
Is is cuma cé bhainfidh an eorna.

Fionnuala Mac Lochlainn
Traic 5

Éamonn an Chnoic

Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag réabadh mo dhorais dhúnta?
Mise Éamonn an chnoic atá báite fuar fliuch
Ó shíorshiúl sléibhte is gleannta.
A lao ghil is a chuid céard a dhéanfainnse dhuit
Mura gcuirfinn ort binn de mo ghúna?
'S go bhfuil púdar go tiubh á shíorshéideadh leat
Is go mbeimis araon múchta.

Is fada mise amuigh faoi shneachta is faoi shioc
Is gan dánacht agam ar aon neach.
Mo sheisreach gan scor, mo bhranar gan cur
Agus gan iad agam ar aon chor.
Níl carad agam is danaid liom san
Do ghlacfadh mé moch nó déanach
Is go gcaithfidh mé dul thar farraige soir
Ós ann nach bhfuil aon de mo ghaolta.

Fionnuala Mac Lochlainn
Traic 6

An Samhradh ag Filleadh go hÉireann

Tá an geimhreadh caite is greim an ghairfin mhilltigh mhallaithe réabtha,
An ghrian ag taitneamh i ndiaidh na fearthainne is rian an earraigh mar aon léi,
Na mílte capallag cíoradh garraithe, síol i dtalamh dá thaoscadh,
An abha ag titim an rabharta imithe, is an samhradh ag filleadh go hÉirinn.

Tá taibhse tagtha ar choillte cheana, na crainn ag breacadh go néata,
Ná héin ag labhairt ar ghéaga glasa, le faobhar ag freagairt a chéile;
Mórchuid beach ag cur tuairisc meala, na huain ag preabadh is ag léimnigh,
Greann in ionad na dtonna d'imigh, is an samhradh ag filleadh go hÉirinn.

Is seolta sigarach glór an tsrutha, go gleoite ag fiucadh go glégeal,
Tá maidhin ag casadh gan teimheal de scamll ar mhuintir beannaith Éilge,
Grá lem anam na bánta glasa, mor ghró go dearbh na sléibhte,
Beidh greann anois ins na gleannta binne is an samhradh ag filleadh go hÉirinn.

Marjorie Courtney
Traic 9

Mo Mhuirnín Bhán

Mo Mhuirnín bhán , is dubhach mar atáim
Faoi mbuachaill báire a mheall tú uaim,
Is is tabhartha tláth le buaireamh grá
A chaithim gach lá faoi ghruaim, faoi ghruaim,
A chaithim gach lá faoi ghruaim.

Deirdre Ní Fhloinn
Traic 11

Máire Ní Eidhin

Ar mo dhul chuig an Aifreann le toil na nGrásta,
Bhí an lá ag cur báistí is d'ardaigh gaoth,
Casadh an ainnir liom le thaobh Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi.
Do labhair mé léithe go múinte mánla,
̕'S do réir a cáilíocht do fhreagair sí,
᾿Sé dúirt sí: "Rafterí, tá m'intinn sásta
Agus gluais go lá liom go Baile Uí Laí".

Shiúil mé Sasana is an Fhrainc le chéile,
An Spáinn, an Ghréig is ar m'ais arís,
Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Céibhe
᾿S ní fhaca mé féirín ar bith mar í.
Dá mbeinnse pósta le bláth na hóige
Trí Loch an Tóraic do leanfainn í,
Cuanta is cóstaí do shiúlfainn ᾿s bóithre
I ndiaidh an tseoidbhean 'tá i mBaile Uí Laí.

᾿Sí Máire Ní Eidhin an stáidbhean bhéasach
Ba dheise méin agus b'áille gnaoi,
Dhá chéad cléireach ᾿s a gcur le chéile
Agus trian a tréithre ní fhéadfadh scríobh;
Bhuail sí Deirdre le breáthacht, ᾿s Véineas
Is dá n-abrainn Helen léir scriosadh an Traí –
Ach scoth ban éireann as ucht an mhéid sin
An pósae gléigeal ᾿tá i mBaile Uí Laí.

Kathleen Watkins
Traic 12

A Ógánaigh an chúil cheangailte

A ógánaigh an chúil cheangailte
Le raibh mé seal in éineacht
Chuaigh tú aréir an bealach seo
Is ní tháinig tú ᾿am féachaint
Shíl mé nach ndéanfaí dochar duit
Dá dtagfá agus mé d'iarraidh
Is gur í do phóigín a thabharfadh sólás
Dá mbeinn i lár an fhiabhrais

Agus shíl mé, a stóirín
Go mba gealach agus grian thú,
Agus shíl mé ina dhiaidh sin
Go mba sneachta ar an tsliabh thú,
Agus shíl mé ina dhiaidh sin
Go mba lóchrann ó Dhia thú,
Nó go mba tú an réalt eolais ag dul romham is ᾿mo dhiaidh thú.

Gheall tú síoda is saitin dom
Callaí agus bróga arda,
Is gheall tú tar á éis sin
Go leanfá tríd an tsnámh mé.
Ní mar sin atá mé
Ach ᾿mo sceadh i mbéal bearna
Gach nín agus gach maidin
Ag féachaint tí mo mhátar.

Gráinne Yeats
Traic 15

Airdí Cuan

Dá mbeinn féin in Airdí Cuan
in aice an tsléibhe úd 'tá i bhfad uaim
b'annamh liom gan dul ar cuairt
go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh.

Curfá

Agus och, och Éire 'lig is ó
Éire lonndubh agus ó
᾿S é mo chroí 'tá trom is é brónach.

Is iomaí Nollaig 'bhí mé féin
i mbun abhann Doinne is mé gan chéill
ag iomáin ar an trá bhán
is mo chamán bán i mo lámh liom.

Curfá

Agus och, och Éire 'lig is ó
Éire lonndubh agus ó
᾿S é mo chroí 'tá trom is é brónach.

Nach tuirseach mise anseo liom féin
nach n-airím guth coiligh, lon dubh nó traon,
gealbhan, smaolach, naoscach féin,
is chan aithním féin an Domhnach.

Curfá

Agus och, och Éire 'lig is ó
Éire lonndubh agus ó
᾿S é mo chroí 'tá trom is é brónach.

Mary O'Hara
Traic 16