The Mudcat Café TM
Thread #164118   Message #3924221
Posted By: GUEST,DK
13-May-18 - 10:04 PM
Thread Name: Lyr Req: Tú Feín is me Fhéin
Subject: RE: Lyr Req: Tú Feín is me Fhéin
This lyric is probably not what you want, but apart from a harp tune it is all I can find.

MÉ FÉIN IS TÚ FÉIN

Ar thrioblóidí an tsaoil, déanfaimid dearmad ar feadh tamaill,
Mé féin’s tú féin.
Aoibhneas is áthas na smaointe a bheas againn,
Mé féin’s tú féin.

Curfá: Ó leatsa is liomsa tá aoibhneas ag fanacht,
Mé féin’s tú féin
Aoibhneas is áthas na smaointe a bheas againn,
Mé féin’s tú féin.

Tá an lá breá ag teacht is tabharfaidh sé chun taitnimh,
Mé féin’s tú féin.
Beidh nádúr an tsaoil faoi bhláth romhainn ag fanacht,
Mé féin’s tú féin.

Ceol an smóilín dúinne sna gleannta,
Mé féin’s tú féin
Beidh na bláthanna is cumhra ansin inár dteannta
Mé féin’s tú féin.

Siúlfaimid go ciúin síos cois an chladaigh,
Mé féin’s tú féin.
Ar dhul faoi na gréine beimid ag faire,
Mé féin’s tú féin.

Ó leatsa is liomsa tá aoibhneas ag fanacht,
Mé féin’s tú féin
Ach dúinne mo bhrón, is é an t-aoibhneas nach maireann.
Mé féin’s tú féin.