The Mudcat Café TM
Thread #168709   Message #4075662
Posted By: GUEST
16-Oct-20 - 09:03 AM
Thread Name: Lyr Req: Ar A Dhul Go Baile Átha Cliath Dhomh
Subject: RE: Lyr Req: Ar A Dhul Go Baile Átha Cliath Dhomh
Ag Gabháil go Baile Átha Cliath Damh

1. Ar a ghabháil go Baile Átha Cliath damh an chéad lá de 'n tseachtmhain,
Thárlaidh damh an spéir-bhean a thug spéis damh 'gus taitneamh;
d'fhiafraigh sí fríd ghlór chaoin damh - "cá gcómhnuidheann tú a mharcaigh?"
"I dTuaithfinn atá m'áit chómhnuidhe 's mo lóisdín le fada."

2. "An misde damhsa fiafraighe, ós tú is déidhionnaighe d'fhág an baile,
Goidé mar tá do chéile nó an féidir go maireann?"
"Tá sí tinn tréith-lag i bhfiabhras na leabtha,
Agus mise le trí ráithe ag na leághaibh do mo chreachadh."

3. "Char mhiste duit fhéin sin 'á dtéidheadh sí faoi thalamh,
Nó gheobhthá-sa ba caoirigh is mór-chríocha fearainn,
Airgead in do phócaibh, is ór buidhe le sgabadh,
Agus maighdean a' chúil ómra le bheith cóiriughadh do leabtha."

4. "Tóg uaim, a óig-bhean, 's ná hiarr a bheith mo mhealladh,
Tá muirighin lag óg agam 's ní cóir iad a sgabadh;
Níl airgead in mo phóca nó mór-chíos ar thalamh,
'S ní iarrfaidh mé céile eile arís in mo leabaidh."

5. "A mharcaigh dá mba liom thú is deas a nighfinn do léine,
'S ní le huisge dubh srotha nó rabhartaí shléibhe,
Acht le fíon na Frainnce 's le brandaí 'na dhiaidh sin,
Is bhéinn fhéin dá deisiughadh ar dheiseabhair na gréine."

6. "Dar bhrigh na dtrí leabhra mar labhraidh tú comh séimh liom,
Rachainn-se fhéin leat, a chompánaigh ghléigil,
Rachainn-se fhéin leat fríd chnuic agus sléibhtibh,
Sé mo chreach géar 's amhgar nó bhí clann agam fhéin leat."

7. "A mhaighre an chúil chraobhaigh, cé'n taobh díom a mbíonn tú?
Níl aithne agam fhéin ort nó ag aoinneach sa' tír seo."
"Mar tá dath na cré orm, dath na gréine 's nagaoithe,
'S gur tráthnóna Dia Domhnaigh a tógadh as a' bhruighin mé."

8. "Shiubhlainn oidhche agus lá leat, is ceithre cearna na hÉireann;
Rachainn-se 'na Spáinne le mo ghrádh geal dá bhféad-fainn;
Lucht gaoil agus páirte go bráth ó go dtréigfinn,
Dá dtabhairfeá póg amháin damh is a rádh gur leat fhéin mé."

9. "Bí teacht liom imbárach go hárd ins na bealaighibh,
Nó go dtéidh muid san áit sin nár ghnáthach linn 'bheith sgartha;
Agus má fhiafruigheann mo cháirde an dtearn mé malairt,
Sé déarfeas mé leobhtha gurab í 'n chéad ghrádh tá agam."