The Mudcat Café TM
Thread #107918   Message #4122187
Posted By: Felipa
07-Oct-21 - 02:35 PM
Thread Name: Lyr Req: Molly Malone Ballad (not the common one)
Subject: Lyr add: MAILI NI MHAOILEOIN
how about https://songsinirish.com/malai-ni-mhaoileoin-lyrics

MAILÍ NÍ MHAOILEOIN

Is an dtiocfá ag baint an aitinn liom, a Mhalaí Ní Mhaoileoin?
Óra thiocfainn is dhá cheangal leat, a chuid den tsaol is mo stór,
Is nach rachainn chun an aifrinn leat, is ní le grá don anam é,
Ach mar shúil is go mbeinnse ag amharc ar do chúilín catach bán.

Is an dtiocfá chun na coille craobhaí liom, a Mhalaí Ní Mhaoileoin?
Céard a bheadh muid a dhéanamh ann, a chuid den tsaol is mo stór?
Ag baint úlla de bharra craobha is ag imirt lena chéile,
Is ag rince ar thaltaí gléigeal’ nó go n-éiríodh an lá bán.

Is an dtiocfá ar chúl an teampaill liom, a Mhalaí Ní Mhaoileoin?
Is céard a bheadh muid a dhéanamh ann, a chuid den tsaol is a stór?
Ag éisteacht leis an dántaireacht ag ministéirí Gallda,
Is go socraíodh muid an cleamhnas úd, a Mhalaí Ní Mhaoileoin.

Chuaigh sí liom ar chúl an teampaill, mo chúig mhíle brón,
Is nár shíl sí gur le gean uirthi, sí mo chuid den tsaol is mo stór,
Nuair a d’ísligh mise síos uirthi, agus tharraing mé mo scian uirthi,
Agus lig mé fuil a croí léi go dtí lascaí na cuid bróg.

Is céard é sin atá dhá dhéanamh agat, a ógánaigh óig?
Céard é sin atá á dhéanamh agat, mo chuid den tsaol is mo stór?
Lig m’anam liom ’s ná deán é, is ní chuirfead éileamh choíchin ort
’S go siúlfainn na seacht ríochta le do leanbhán óg.

Is tháinig Mailí Bhán ar cuairt agam dhá uairín roimhe an lá,
Agus leag a béal anuas orm is nárbh fhuaire é ná an bás,
An ’do chodladh atá tú, a bhuachaill, is mithid duit feasta gluaiseacht,
Tá an tóir ag tíocht anuas ort faoi bhás Mhalaí Ní Mhaoileoin.

Agus cén chaoi a bhfuil do mháithrín, a ógánaigh óig?
Agus cén chaoi a bhfuil do mháithrín, mo chuid den tsaol ’s mo stór?
Óra tá sí buartha cráite is ní hé sin fhéin is cás di,
Ach mé bheith ag goil faoin gcroich amáireach faoi bhás Mhalaí Ní
Mhaoileoin.

---
sung by Máirín Ní Chéide
It's a murder ballad, see lurics, translation and discussion on another thread of about the version called Máire Ní Mhaoiléoin