A Annraoi: Ná bí dána! Tusa agus do ‘we could make beautiful music together’ – Náire ortsa! Cailín deas atá Philippa s’againnse. Ná cuir isteach uirthi, a spailpín fánach! (Níl mé ach magadh fút!)Seo duit véarsa eile don amhráin seo:
Tá an oíche seo dorcha is tá an ghaoth i ndroch aird Tá an tseisreach ‘na seasamh is na spéarthaí go hard Ach ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh
- Áine