The Mudcat Café TM
Thread #35557   Message #495262
Posted By: Brían
30-Jun-01 - 01:21 AM
Thread Name: Lyr Req: Seeking Irish Lyrics II
Subject: Lyr Add: SÍLE
Here's another:

SÍLE

Bheadh buachaillín deas ag Síle dá bpósfadh sí mar fhear
Mharóinn an breac ar an taoide is coinín ar an ndumhaigh chomh maith
Ní iarrfainn léi capall ná caoire, airgead buí ná geal
Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoí í ná aon iníon rí dar mhair

Tá máithair gan taise ag Síle, is ní bhraitheann sí a croí rómhaith
Tá sparán mór fada aici líonta ag lorg talamh gan cíos le fear
Chuma léi ard é nó íseal, ba chuma léi buí nó geal
Ó ba chuma léi cam nó díreach ach bheith aige caoie is ba

Ní mar sin mar mheasann mo Shíle, b'fhearr léi mise ná míle fear
Mar is meidhreach is ea sheinnfinn ar phíob dí,
Is is greanta do rincfinn dreas
Chuirfinnse i dtalamh na síolta is bhainfinn arís thar n-ais
Nuair thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn
ach reacaireacht grinn lem shearc

Tá mo mhargadh socair le Síle, is ní bhrisfeadh Éire ar fad
Gan spleáchas dá máthair ná muintir, rachaidh sí chun cinn gan stad
Pósfam sa chathair an mhí seo is an sagart a dhíol go maith
Is ní dóichí go bhfanfam sa tír seo, ach ag reachtaireacht síos amach

I could do a rough translation if you need one.
There is another version of FAREWELL, MY OWN DEAR NATIVE LAND in the book IRISH EMIGRANT BALLADS AND SONGS edited by Robert L. Wright titled THE SHAMROCK SHORE.

Slán go fóill,
Brían.