The Mudcat Café TM
Thread #45621   Message #676089
Posted By: GUEST,Philippa
25-Mar-02 - 04:10 PM
Thread Name: Lyr Req: mailidh mhodhmhar
Subject: Lyr Add: 'MHAISEACH MHÓMHAR
I don't have Conal's CD, but perhaps 'Mhaiseach Mhómhar is the same or similar to the song Ciarili seeks. The following lyrics are from the book "Amhráin Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste" edited by Pádraig Ó Baoighill and Mánus Ó Baoill, published in Muineachán (Monaghan) by Preas Uladh, 2001. The words were collected circa 1936 from Hiudaí Fheilimí of Rann na Feirste, County Donegal.

'MHAISEACH MHÓMHAR

'Mhaiseach mhómhar na gcocán ómra,
Tá fite, cornaithe, sleamhan, slim
Is tú do bhreoigh agus a mhearaigh go mómé,
A Mhuire, fóir orm is mé ina call.
Bhearfainn na leabharthaí agus na mionnaí móra
Go mbeinn is mo stóirín faoi bhruach na dtom:
Mo thriall go Flanders is go geaftaí Bóinne
Agus chun na Róimhe dá dtéitheá liom.

Dá mbeadh mo ghrása in do láthairse
Thiocfá in áit inteacht a ngabhfá liom,
Is nuair nach bhfuil, fan mar atá tú,
Is ná cluinim támh de do ghlórthaí cinn.
Ná ní bhfuighfeá sásamh i gcúl claí ná garraí,
Mé a bheith ar lár agus tú os mo chionn:
Is beag an t-ábhar a bhfaigheann bean náire as -
'S é an chúis is fearr gan a castáil ann.

Is tú do mhearaigh agus is tú do phianaigh mé,
Is tú do bhreoigh an croí in mo lár:
Is leat go dtriallfainn go Contae Liatroma,
Go Baile Átha Cliath agus go Droichead Átha;
A ghrá is a chéadsearc caidé bheir do dhiaidh mé
Anois ná riamh, a Bhríd Nic Sheáin?
Is gurbh é deir na dea-dhaoine a chaith riamh liom
Gur bhain tú Dia domh agus Muire an ghrádh.



line breaks added by mudelf ;-)