The Mudcat Café TM
Thread #8966   Message #70834
Posted By: Philippa
14-Apr-99 - 06:40 AM
Thread Name: Lyr Req: Casadh an tSugain (Bothy Band)
Subject: Lyr Add: CASADH AN TSÚGÁIN
CASADH AN TSÚGÁIN

A Rí na bhfeart cad do chas ins a' dúthaigh seo mé?
'S gur mó cailín deas a gheobhainn im' dhúthaigín beag féin;
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc agus grá geal mo chléibh,
'S chuir an tseanbhean amach mé‚ ag casadh an tsúgáinín féir.

cúrfa (chorus):
Má bhíonn tú liúm [liom], a stóirín mo chroí,
Ma bhíonn tú liúm [liom], bí liúm ós comhair an tsaoil;
Ma bhíonn tú liúm [liom], bí liúm gach orlach de d'chroí,
'Sé mo lom go fann nach liúm Dé Domhnaigh thu mar mhnaoí
['Sé mo lom nach fán leat thu Dé Domhnaigh mar mnaoi]


Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é,
Ní bheataíd na bréithre na bráithre pé sa domhan scéal é;
Is táim i d' dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin,
'S gur geall le fia mé' 'r slaibh go mbeadh gáir con 'na dhiaidh.

Do threabfainn, d'fhuirsinn, chuirfinn síol ins a' chré,
'S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh,
Do chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar,
Is ná héalaodh bean le fear ná déanfadh san féin.

á = a/ , é = e/ , í = i/ , ó = o/, ú = u/
We'll have to start putting in the HTML commands for the accented letters; I'm still using special keys instead

other versions of this song can be found at mm's Sugán thread