The Mudcat Café TM
Thread #10780   Message #77080
Posted By: Annraoi
09-May-99 - 09:57 PM
Thread Name: Ar theacht an tSamhraidh
Subject: RE: Ar theacht an tSamhraidh
Níl baint dá laghad eadar an dá amhrán seo. Sean-amhrán atá i "Tiocfaidh an Samhradh"; amhrán measartha nua atá sa cheann eile. Fear as Béal Feirste a chum é agus é ina luí tinn i dtoigh Mhici Sheáin Néill i Rann na Feirste, Co. Thír Chonaill. "Rann na Feirste" an t-ainm ceart atá ar an amhrán. Tá sé ar eolas ag achan mhac léinn a théigheas ar chúrsa de chuid Choláiste Bhríde i Rann na Feirste. Martin, for Tucker's benefit, and anyone else's, don't apologise for your courtesy. I am perfectly capable of phrasing an enquiry in English as in Irish but with respect to songs in the latter language, the natural medium would be in Irish since the chances of a positive response would, logically, be greater. Le gach deá-ghuí, Annraoi.