The Mudcat Café TM
Thread #6543   Message #802149
Posted By: masato sakurai
13-Oct-02 - 06:57 AM
Thread Name: Info: Pretty Maid (Girl) Milking a Cow
Subject: Lyr Add: CAILÍN DEÁS CRÚIDHTE NA MBÓ
There's a different set of words in Heinrich Möller's Keltische Volkslieder (Schott [ED 554], pp. 72-73; with German translation):

CAILÍN DEÁS CRÚIDHTE NA MBÓ
(aus "Minstrelsy of Ireland")

1. Tá bliain nú níos mó 'gam ag eisteacht,
Le cogar doilghéasach mo mhéoinn,
Ó casadh liom grúdh geal mo chléibhe,
Tráthnóna breágh gréinne sa bhfoghmhar
Bhí an bhóbhainne chumhrtha ag géimnigh,
A's na héanlaith go meidhreach le ceól,
A's ar bhruach an tsrotháin ar leathtaobh díom,
Bhí cailín deás crúidhte na mbó.

2. Tá a súile mar lonnradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoigh:
'S is deirge a gruadh 'ná na caora
Ar lasadh 'measg craobha na gcnó:
Tá a béilin nios milse 'na sméara,
'S is gile 'ná leamhnacht a snódh:
Ní'l óigbhean níos deise' san tsaoghal seo
'Na cailín deás crúidhte na mbó.

3. Dá bhfaghainn-se árd-thighearnas na hÉireann
Agus éideacha síoda 'gus sróil:
Dá bhfaghainn-se an bhainríoghan is aeirde
Dá bhfuil ar an dtalaimh so beó:
Dá bhfaghainn-se céad loingeas mar spré dham
Pioláití, caisleáin, agus or:
Do b'fearr liom bheith bocht ar druim sléibhe
Le cailín deás crúidhte na mbó.

4. Muna bhfuil sé am' chomhair bheith i n-éinfheacht
Leis an spéir-bhean ro-dhílis úd fós,
Is daoirseacht dobrónach mo saoghal-sa
Gan suairceas, gan éifeacht, gan treó:
Ni bhéidh sólás am' chroidhe, 'ná am' íntinn,
'Ná suaimhneas orm oidhche ná ló,
Chun go bhfeicfead lem' thaoibh ó n-a muíntir
Mo cailín deás crúidhte na mbó.

~Masato