The Mudcat Café TM
Thread #11359   Message #84042
Posted By: Áine
04-Jun-99 - 04:53 PM
Thread Name: Ta me ag cuartu na bhfocal seo
Subject: Tá mé ag cuartú na bhfocal seo
A chairde – Tá mé ag cuartú na bhfocal seo thíos. Fuair mé iad sa leabhar 'Na Rosa Go Brách' le Fionn Mac Cumhaill (nó Mánas Mac Cumhaill). An bhfuil duine agaibh ar bith ábalta aithint an t-amhrán?

A phlúr na maighdean is úire gné
Fuair cliú le scéimhe ón Ádhamhchlainn
A chúl na bpéarla, a rún na héigse
A dhúblas féile is fáilte
A ghnúis mar ghréin le dúscadh an lae
A mhúchfadh léan le gáire
'Sé mo chumhaidh gan mé . . .