The Mudcat Café TM
Thread #906   Message #84249
Posted By: Annraoi
05-Jun-99 - 03:17 PM
Thread Name: Lyr Req: Slievenamon
Subject: RE: Slievenamon
vis a vis Mac Ambróis. Tá leabhar amuigh ag Derek Bell agus Liam "Ólta le Ceolta" ina ndéantar tagairt don fhile. Ní cuimhneach liom ainm an leabhair, ach tháinig sí amach ar na mallaibh. Tá mé ag déanamh go dtearn Ruairí Ó Bléine tagairt dó fosta ina leabhar "Presbyterians and the Irish Language." Tá dhá scéal i dtaobh an amhráin "Aird a' Chumhaing". 1) Bhí an file in Albain ag obair. Lá amháin, bhí sé ina shuí ar bheanna na hAlban ag amharc siar ar chósta Aontroma abhí le feiceáil ag bun na spéire. Bhuail taom cumhaí é agus scríobh sé an dán fán a áit dhúchais. Bhí sé chomh tógtha sin go dtáinig sé arais 'na' bhaile. 2) Bhí an file ar tí a dhul anonn go hAlbain, ach nuair a smaointigh sé ar an tsaol a bheadh aige thall, ibhfad óna mhuintir is óna áit féin, shocraigh sé ar gan imeacht ar chor ar bith agus scríobh sé an dán.Tá sé mar "amhrán náisiúnta" ag Glinntí Aontroma ó shoin. Annraoi