The Mudcat Café TM
Thread #57396   Message #903556
Posted By: Felipa
04-Mar-03 - 06:28 PM
Thread Name: Lyr Req: The Connerys (Frank Harte)
Subject: Lyr Add: Na Connerys (Na Conneries)
from Áine Cooke's notes: "This is a traditional song about the three Connery brothers from near Dungarvan, Co. Waterford, who were transported to New South Wales in Australia circa 1836 (although three brothers are mentioned in the song, only two brothers are named in transportation records of the time). They were accused of attempting to murder a clerk of a landlord who was evicting his tenants who could not pay the increased rent."

NA CONNERIES/CONNERYS

A Chaoimhín mhallaithe guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé
Is ar an ngasra úd athá ceangailte go dlúth le do thaobh
Is iad a dhearbhaigh na leabhartha go humhal sa mbréag
Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí na New South Wales

Té a bheadh ina sheasamh ann is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé
Mar a sheasaigh sí ón seacht ar maidín go dtí tar éis a naoi
Do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha ann dá dtabhairt sa mbréag
Mo ghreidhin an t-anam bocht nó tá sí damanta má's fíor don chléir

A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, den trócaire orainn araon
Is ar an mbanaltra atá sa bhaile go dúch inár ndéidh
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
Leis na Connerys a thabhairt abhaile chug(h)ainn ó sna New South Wales

--------
Below - a longer song about the Connerys, as sung by Áine Ó Cheallaigh who lives near where the brothers came from in Co. Waterford. Courtesy of Martin Ryan, who says the tune for this song is very like that of Seán Ó Duibhir a Ghleanna

NA CONNERIES/CONNERYS

Neosfaidh mise scéal díbh má sé bhur dtoil liom éisteacht
Ag tagairt dos na séimh-fhir 'tá ag seoladh uainn ar fán
Gur thógadh go béasach le scoil agus le léann iad
Le clú le meas le héifeacht agus le haon-ghean dá gcaí
Dá siúlfainn tír na hÉireann agus Sasana le chéile
Alban, Van Diemen, An Éigipt 's an Spáinn
Geallaimse gan bhréig díbh ní raghad ag insint éithigh
Ná faighinn a neart ná a dtréineacht in aon bheirt driothár

Na Conneries na sár-fhir is iad atá mé ag áireamh
Cé go bhfuilid seal ar fán uainn in áras faoi bhrón
'S í a gcistin a bhíodh buacach go flaithiúil fáiltiúil fuarmach
Geal-chupardach geal-shubhailceach faoi mhór-chuid den bhfeoil
Tógadh iad go buacach gan anacra gan chruatan
Go súgach sultmhar subhailceach gan bhuaireamh gan ghá
Bhí cabhair is cúnamh Dé acu, bhí buíochas óg 's aosta orthu
'S ba mhaith an ceart gan on locht bheith ar a méin ná ar a gcáil

Dá gcasfaí bochta Dé ann nó traibhiléir bocht aonair
Bhí a leaba agus a mbéile ann gach féile le fáil
Ach anois beidh madraí go craosach ag sceamhail ó gach taobh díobh
Tá cosc go dian ar éinne pé méid é a phráinn
Bhíodh cider milis láidir áá riar i dtigh na sár-fhear
'S an Eaglais gach féile acu ar station go hard
Ach anois tá na séimh-fhir fé crosa fallsa an tsaoil seo
Fé tharcaisne ag méirligh á n-éileamh gach lá

A Dhia nach bocht an scéal é iad á gcur amach as Éirinn
Ag grathain ghránna an Bhéarla nár ghéill do Mhac Dáith
Is go bhfuil fhios ag gach éinne ná rabhadar ciontach riamh in aon nidh
Ach ag seasamh dá gceart féineach is gan é acu le fáil
Tá an bhaintreach go brónach is a díleachtaí le deora'nn
Ó chuireadh na hóig-fhir thar a n-eolas chun fáin
A thugadh prátaí, im is feoil dóibh is tine dhearg móna
An fuacht go deimhin ba dhóigh liom nár bhaol dóibh a fháil

Ar chualabhair a dhaoine an plean a cheap an dís úd
Go raibh an scéal ag gabháil timpeall gur chríochnaíodar an gnó
Gur bhailíodar na sála thar na geataí móra arda
'S amach ansan go brách leo gan spleáchas dá namhaid
Chuadar go Port Láirge ag iarraidh dul thar sáile
Siúd nidh ná raibh i ndán dóibh is níor ránga sé dhóibh
Mar bhí fear a mbraite láimh leo a thug timpeall orthu an garda
'S isteach arís gur sáitheadh iad in áras faoi bhrón

Nuair a chuala na méirligh go raibh greim acu ar na séimh-fhir
Go deimhin ba mhór an prae leo iad a thraochadh le cnáib
Crocadh nó transporting amach ar fad thar bóchna
I bhfad ó ghaol is ó chomfas gan fóirthint go brách
Ar nós Iúdas gránna an chlampair 'chuir Íosa Críost i dteannta
In Ifreann na ndeamhann thíos go cantalach á dhódh

Má thagann sé chun críche go bhfeicimid arís iad
Is a bpardún scrite ón Rí acu á insint ar só
Baileoimid ina dtimpeall gan spleáchas dos na peelers
'S beidh ár gcornán dí againn go haoibhinn á ól
Beidh againn glór na píbe, ceol, spórt is aoibhneas
Ó mhaidin go dtí an oíche 's ón oíche go dtí an lá
Beidh na barraillí ar a bhfaobhar againn ag fáscadh lámha a chéile
'S a sláinte geal in Éirinn go dtaoscfaimid go brách.