The Mudcat Café TM
Thread #49081   Message #951635
Posted By: GUEST,Philippa
13-May-03 - 06:48 AM
Thread Name: Lyr Add: Maire Ni Mhaoileoin
Subject: Lyr Add: Malaí Ni Mhaoileoin
There is a version of this song with the name "Malaí Ní Mhaoileoin" sung by Máire Uí Chéidigh on "Na Fonnadóirí", a set of 3 cassettes and booklet of local singers in the area of Leitir Móir, Co. Galway, put together by Risteard Mac Aodha and issued by Cló Iar-Chonnachta

MALAÍ NÍ MHAOILEOIN

Is an dtiocfá ' baint an aitinn liom, a Mhalaí Ní Mhaoileoin?
Óra thiocfainn is dhá cheangal leat, a chuid den tsaol is mo stór,
Is nach rachainn chun an Aifrinn leat, is ní le grá don anam é,
Ach mar shúil is go mbeinnse ag amharc ar do chúilín catach bán.

Is an dtiocfá chun na coille craobhaigh liom, a Mhalaí Ní Mhaoileoin?
Céard a bheadh muid a dhéanamh ann, a chuid den tsaol is mo stór?
' Baint ulla de bharra craobha is ag imirt lena chéile
Is ag rince ar thaltaí gléigeal' nó go n-éiriodh an lá bán.

Is an dtiocfá ar chúl an teampaill liom, a Mhalaí Ní Mhaoileoin?
Is céard a bheadh muid a dhéanamh ann, a chuid den tsaol is mo stór?
Ag éisteacht leis an dántaireacht ag ministeirí Gallda
Is go socraíodh muid an cleamhnas úd, a Mhalaí Ní Mhaoileoin.

Chuaigh sí liom ar chúl an teampaill, mo chúig mhíle brón
Is nár shí l sí gur le gean uirthi 's í mo chuid den tsaol is mo stór,
Nuair a d'isligh mise síos uirthi, agus tharraing mé mo scian uirthi
Agus lig mé fúil a croí léi go dtí lásaí a cuid bróg.

Is céard sin atá á dhéanamh a't, a óganaigh óig?
Céard sin atá á dhéanamh, mo chuid den tsaol is mo stór?
Lig m'anam liom 's ná déan é, is ní chuirfidh mé éileamh choíche ort
'S go siúlfainn na seacht ríochta le do leanbhán óg.

Is tháinig rialaí Bhán ar cuairt a'm dhá uairí n roimhe an lá
Agus leag a béal anuas orm is narbh fhuaire é ná an bás.
An in do choladh atá tú, a bhuachaill, is mithid duit feasta gluaiseacht
Tá an tóir ag teacht anuas ort faoi bhás Mhalaí Ní Mhaoileoin.

Agus cén chaoi a bhfuil do mháithrín, a óganaigh óig?
Agus cen chaoi a bhfuil do mháithrín mo chuid den tsaol 's mo stór?
Óra tá sí buartha cráite 's ní hé sin féin is cás di,
Ach mé bheith ag dul faoin gcroch amárach faoi bhás Mhalaí Ní Mhaoileoin.

The last verse asks 'How is your dear mother?'…'She's distraught because I will go to the gallows tomorrow for the death of Molly Malone.'