The Mudcat Café TM
Thread #59062   Message #952573
Posted By: Felipa
14-May-03 - 01:03 PM
Thread Name: Cearc Agus Coileach
Subject: RE: CEARC AGUS COILEACH
Version in Cas Amhrán (first tune above)
we'll get round to the DT version next!

CEARC AGUS COILEACH

Cearc agus coileach a d'imigh le chéile,
Shiúladar Éire gur briseadh a gcroí,
Is chuadar go Gaillimh le héirí na gréine
Gur cuireadh an peire isteach ag an dlí.

'S ag Uilliam Ó hUileáin a bhí said ar féar,
D'ith mónóga sléibhe 'gus chodail sa bhfraoch,
Gur tháinig an siriam go lúfar 's go haerach,
Is scuab sé an péire isteach go B'l' áth'n Rí.

Dá bhfeicfeá-sa 'n coileach lá aonaigh sna sráide,
Hata breá lastiar is lámhainní buí,
Ceithre spor fhada den airgead Spáinneach,
'Gus fuip ina láimh 's é ' tiocht mar an rí!

Thug said isteach é gur scar said a chnámhna,
'S gur chaith said an lá sin sách spótúil go leor,
'S nárbh fhearr dóibh an spóilín a cheannach ar fónamh
Ná an chaol ' ndeachaigh a gcáil ar fud Chontae Mhaigh éo?

'S ag Muileann na Leice sea ' chuala mé ' tracht air
Ag mná ' bhi cothaí' le bláthach Sheáin Mhóir -
M'éinín coiligh ' bhí agam le haghagh na féile Mártan,
Gur mharaigh na mná é le dúil san fheoil.

Bhí cearc ag Seán bán ba dheise na péacóg -
Ubh agus céad a rug sí sa lá -
Tháinig an sionnach a mharaigh na céadta,
'S thug sé den réim sin í 'steach go Sliabh Bán.

Damhsóidh sí, monuar, Quadrille is caper
'Muigh ar an stage os coinne Dhúin Mhóir,
'S ar bharra na Gailli' sea ' lig sí an chéad ghlao',
Cleit as mo ghéim níor baineadh go fóill.

D'éirigh mé suas ar maidin sa drúcht,
Mo chapaillín cú liom 's mo mhadra beag bán,
Chonaic mé sionnach 's é fite 's é fuaite,
Siar (in)san uaimh is cloch ar a cheann.

'M'ochón!' ars' an chearc 's í ' dul ar an an bhfara,
'Nach bronach 's nach deorach le hinsint mo scéal -
athair mo chlainne 's chéile mo leapa
A' dul (in)sa phota is leac ar a bhéal!'