|
|||||||||||
Lyr Req: Beal feirste cois cuan-Belfast beside th
|
Share Thread
|
Subject: Lyr Req: Beal feirste cois cuan-Belfast beside th From: GUEST,Shaneo not logged in Date: 25 Apr 08 - 12:57 PM ''Belfast beside the harbour'', is the English title, I don't have any more info. I know it's a long shot but somebody just may know it, I believe it's popular around the Donegal area. thanks |
Subject: Lyr Add: I mBeal Feirste chois cuain (Mac Dónaill) From: GUEST Date: 26 Apr 08 - 03:52 AM I mBeal Feirste chois cuain Aodh Mac Dónaill I mBéal Feirste chois cuain, ag bruach na farraige, tá beirt dhaoine uaisle tá stuama meanmnach, a bhfuil a gcroí mar Ghuaire le suairecas is carthantacht, hó! ró! go raibh Dia leo go deo. Is é is ainm don dís seo, Laoire is Somhairle, Mac na Duibhe, an saoi, agus Bríseach flathúlach, a bhfuil an fhuil is an uaisle ag suathadh ina gcuisleanna, hó! ró! is bua go raibh leo, Tháinig mé ar cuairt, ar ruaig, is níorbh annamh liom, do fhéachaint na ngruagach bhí suailceach taitneamhach, is é fuair mé ina suí iad, ag míniú stairíocht, is hó! ró! nár bhaine dóibh gleo. Tharraing Somhairle píopa bhí fídeogach fadchosach, agus chuaidh sé á líonadh, an ní úd do b'aite leis, le luibh na mban sí a bheir íce do chailleachaí, is hó! ró! is leis a bhí an ró. Ghlac mise séite a mhéadú na cuideachta, is lion mé mo dhúidín á dhiurnadh in aice leo, is go saoilfeá gur Francaigh bhí i gcuan Charraig Fhearghais, hó! ró! nuair d'éirigh an ceo. Thosaigh na píopaí á líonadh ar athbhúta, leis an macnaí uasal, gan ghruaim. gan tarcaisne, ach chaith sinn an oíche nó gur ghlaoigh na coiligh 'lig, is hó! ró! nach sin deireadh mo cheoil. Nua-Dhunaire II Breandán Ó Buachalla (Ed) Institiúid Ardléinn Dublin 1976. |
Subject: RE: Lyr Req: Beal feirste cois cuan-Belfast beside th From: GUEST,Shaneo not logged in Date: 26 Apr 08 - 06:29 AM Guest, thank you so much, you'r a star |
Share Thread: |
Subject: | Help |
From: | |
Preview Automatic Linebreaks Make a link ("blue clicky") |