I've just heard this sung on WFUV by Eilín Ní Bheaglaoich, (Mile Failte 19 March), and was looking to see what is on the 'Cat. This version is from Nua Dunaire III (Tomás Ó Concheanainn). Cáit Ni Dhuibhir Tráthnóinín beag déanach, 's mo thréada agam á gcur ón síon, ar leataoibh chnoic im aonar, 's ba ghléasta do bhí mo phíob, bhi an ceol ba bhinne ab íhéidir ag éanlaith is gach nóta fíor, 's do réir mar thuigeas féin iad, beidh Éire 'ge Cáit Ní Dhuibhir. Tá leasacháinín aerach ar an dtaobh so 'ge ceann mo thi, 's is moch gach maidin ghréine bhíonn an spéirbhean ann romham 'na suí; tá leabhar aici den Bhéarla agus roinnt bheag den Ghaelainn thrid, 's é scribhte i mbun gach véarsa ann go mbeidh Éire 'ge Cáit Ní Dhuibhir. Tá mfle dath ina clóca, is a bróigín ar dhath an fhraoigh, gúna den fhaisean nódh uirthi den tsórt bhíonn ar 'níon an ri; 'a chumann chroí is a stór dhil, suigh go fóillín 's ní 'neosad puinn, ach go raghainnse aris in óige dá mbeinn pósta le Cáit Ni Dhuibhir'. Do shuigh sf ar bhinse taobh liom 's mo ghéaga do thit liom síos, do cheapas gur phlanda ón nGréig í is gur bhaol dom í theacbt im líon; 'An tú Júnó, Pallas, Vénus, nó Hélen do loisc an Traoi, nó an bhean do chloígh na céadta, nó bhfuil gaol agat le Cáit Ni Dhuibhir?' 'Is bean in imigéin mé, is mo chéile do chuaigh thar toinn; tá mo chlann go tuirseach traochta, tinn tréithlag, 's gan preab 'na gcroi; is níl aon fhear in Éirinn do bhéarfadh é féin dom bhuín ná go dtabharfainn talamh saor dó agus tréada go bráth gan chíos'.
|