This is from Gearóidín Bhreathnach's CD 'Ar Fhoscadh na gCnoc.' Ni fheicfear níos mó thú, a mhuirnín Tá do chaoinspiorad scartha uainn go deo, Ar shiúl, faraor mar gach cara Dar shoilsigh go loinnreach inár dtreo. Curfá: Is nach bhfeicfidh muid níos mó thú, Gan do ghlór le cluinstin lenár saol, Nuair a thigeas na blátha san Earrach, Agus binncheol na n-éanach ar gach craobh. Ó, is minic a shiúil muid le chéile, Nuair a bhí bláth geal no hóige ar d'ghruaidh Ach anois tá mo chroí bocht le cumhaidh, Ag doirteadh na ndeora ar d'uaigh. Curfá: Is cloíte a bím nuair a dhearcaim, Cois no huaighe ina bhfuil tú anois 'do lúi, Agus tromann mo chroí nuair a smaoitím, Ar na háiteacha ar shiúil muid taobh le taobh.
|