This is from the songbook 'Abair Amhrán' published in Belfast (undated) by Comhaltas Uladh. Sorry, no English words. Sean-Dún na nGall Is grá geal mo chroí thú, 'Thír Chonaill, a stór, 'Do luí mar bheadh seoid ghlas san fharraige mór, Ó gráim thú i gcónaí go moch is go mall, Is molfaidh mé a choích' thú, a Shean-Dún na nGall. Níl contae in Éirinn níos deise ná thú, Níl daoine sa domhan níos fearr cáil is clú, Ná tá i dTír Chonaill abhus agus thall. Ó! Bláth bán ár dtíre thú, a Shean-Dún na nGall. Tá teanga ár sinsear á labhairt ann go fóill Chomh milis binn blasta le hamhrán nó ceol Na n-aingeal sna Flaithis gan smachtú gan smál, Ó gráim go deo thú, a Shean-Dún na nGall.
|