Cassidys http://www.celticlyricscorner.net/cassidys/cad.htm Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? I went to the fair and I sold my cow For five pounds in silver and a guinea in gold Should I drink all the money and hand out the gold It's nobody's business, let them leave me alone Má théim go coill chraobhach ag piocadh sméara nó cnó 'Baint úllaí de ghéaga nó 'bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? I could go to the woods and pluck berries or nuts And apples from branches, even herding the cows Should I lie 'neath the trees for some hours in repose It's nobody's business, let them leave me alone Má théimse chuig airneál is rince is spórt Chuig aonach is rásí's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? I'd visit the neighbors for dancing and fun Markets, the races, and gatherings galore If I see merry people then merry we'll be It's nobody's business, let them leave me alone Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earra gan éadáil, gan bólacht ná stór Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? They say I'm a waster and down on my luck No goods or fine clothing, no stock or no store Should I live in a stable contented and free It's nobody's business, let them leave me alone Tá aithne agam ar chailín deas cheasta is cóir A píob mar an eala 's a leacain mar rós Má bhíonn sí is mise un inid faoí sheol Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? I know this girl, she's kind and she's fair Her neck like the swan and her cheek like the rose Should we set out together for a far-distant shore It's nobody's business, let them leave me alone Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? I went to the fair and I sold my cow For five pounds in silver and a guinea in gold Should I drink all the money and hand out the gold It's nobody's business, let them leave me alone Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?x2 Should I drink all the money and hand out the gold It's nobody's business, let them leave me alone Órla's version http://www.celticlyricscorner.net/fallon/cad.htm Clannad's version http://www.celticlyricscorner.net/clannad/caide.htm Altan's version http://www.celticlyricscorner.net/altan/caide.htm
|