I didn't realise that I had this, the Gaelic version came from an online copy of 'Irisleabhar na Gaedhilge - The Gaelic Journal' but I don't know which is original and which translation. Do tháinic bean go sroth cois leasa,
Le h-eirghe 'n Lae ag gul 'sa caoidh,
So mar dubhairt 'si bualladh a bas 'sa
Glaodhach ós árd air ríoghan na sigheadh;
"Cad fá 'r mheall tu leat mo leanbh,
Á chur fé dhraodheachd le cealg suiridhe,
Táimse 'nois 'san saoghal gan taithneamh,
Cad fa 'r fhuadais searc mo chroidhe?"
"Air na sléibhtibh, trís na gleanntaibh,
Mar ?? mo leanbh súgra tráth,
Le bláth 'gus mín-sgoth 'g fás 'na theannta
An rúd am' fhánuighe táim gach lá;
Am fhánuighe tnáite, le croidhe cráidhte,
I n-diagh mo leinbh an fhuilt buidhe,
Ag glaodhach le h-uaill air mhachaibh-alla,
Go saorfadaois mo báibín sighe."
"Acht monuar! ní thugthar aire
Air mo chaoidh ná 'r mo ghearrán,
Leis an sluaigh ág sgléip 'sa gáire,
'Seadh beidheas feasda mo leanán;
Slán go deóigh leat! 'nois am aonar,
Táim ad' dhíagh gan aon sólás.
Acht beidhmíd fós araon go seunmhar
I bhflaitheas Dé le cungnamh a Ghrás."
|