Here's a quick copy of the version linked to above, on the website of National University of Ireland Galway: _____________________ Pota Phádraig Conraí Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh Tá sí ina codladh 's ná dúisígí í Curfá: 's ó bhó, mo leanbh, 's ó bhó, mo lao 's ó bhó, mo leanbh, cé déarfadh nach í? Bíonn pota mór fataí tigh Pháraic Con Rí Bíonn pota mór fataí tigh Pháraic Con Rí Bíonn pota mór fataí tigh Pháraic Con Rí 'sé pota na leathchlocha 'chuireann siad síos Curfá: Bíonn ciseog mhór fhataí tigh Pháraic Con Rí Bíonn ciseog mhór fhataí tigh Pháraic Con Rí Bíonn ciseog mhór fhataí tigh Pháraic Con Rí 'gus Baba sin againne 'sí atá á n-ithe Curfá: Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae Bíonn Baba sin againne 'gus méar ina béal Curfá: Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag caitheamh cloth shawl Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag caitheamh cloth shawl Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag caitheamh cloth shawl Bíonn Baba sin againne 's pluid ar a ceann Curfá: Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba Con Rí Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba Con Rí Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba Con Rí Seanphoitín gliomach 's rothaí 'chur faoi Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh Tá sí ina codladh 's ná dúisígí í Curfá: ---------------------------- Regards - agus Beir Bua!
|