PÁIDÍN Ó RAIFEARTAIGH
Bríste gan básta 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh,
Hata buí ard 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh,
Cosa caola arda 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh,
Is d'éalaigh mo ghrása le Páidín Ó Raifeartaigh.
Faidhfilileá, faidhfilil adió
Faidhfilileá is faidhfilil adió
Bríste go glúine 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh,
Hata gan bonn 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh,
Cosa buí arda 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh,
Ach d'éalaigh mo ghrása le Páidín Ó Raifeartaigh.
"Éirigh i do shuí a Pháidín Uí Raifeartaigh."
"Faraor ní fhéadaim tá ioscadaí lag ionam,
Tá mé san aois ach níl trí troithe ar fad ionam
Féach mar sin fhéin go raibh mealladh na mban ionam!"
Cailín 'tí mhóir go deo ní ghlacfaidh mé,
Bíonn sí nuall-ghuthach stuacach feargach,
Bíonn buille ar gach ní ar chat is ar mhada aici,
Amach sa meán oíche bíonn focal na faire aici.
Cailín ón sliabh go fóill a bheas agamsa,
Blífidh sí an bhó agus ceanglóidh sí an capall dhom,
Déanfaidh sí an císte, mo chuid ime 'gus bainne dhom,
Is go deo deo ní éalóidh le Páidín Ó Raifeartaigh.
PÁIDÍN Ó RAIFEARTAIGH
Trousers with no waist Páidín Ó Raifeartaigh had on,
A tall yellow hat Páidín Ó Raifeartaigh had on,
Tall skinny legs Páidín Ó Raifeartaigh had on,
And my love ran off with Páidín Ó Raifeartaigh.
Trousers to the knees Páidín Ó Raifeartaigh had on,
A hat with no bottom Páidín Ó Raifeartaigh had on,
Tall yellow legs Páidín Ó Raifeartaigh had on,
But my love ran off with Páidín Ó Raifeartaigh.
"Sit up Páidín Ó Raifeartaigh."
"Alas I cannot the backs of my knees are weak,
I am old but there isn't three yards in me
Look how I could entice the women all the same!"
A girl from a big house I never will accept,
She is loud-mouthed stubborn and cranky,
She hits out at everything at the cat and at the dog,
In the middle of the night she has the watch word.
A girl from the mountain I'll get myself yet,
She will milk the cow and tie up the horse for me,
She will make the cake, my butter and milk for me,
And will never ever run off with Páidín Ó Raifeartaigh.
Go n-éirí leat, Antaine